Is réigiún feirmeoireachta é Sapa i dtuaisceart Vítneam. Is féidir bus (a mhaireann 6 uair an chloig) a fháil ó Hanoi agus dul ag siúlóid ann le haghaidh lá nó dhó le treoraí áitiúil. Tá go leor gníomhaire taistil lonnaithe i Hanoi a eagraíonn na turais seo gach lá.
Nuair a shroicheann tú baile Sapa, buaileann tú le do threoraí áitiúil agus míníonn siad plean an lae don ghrúpa. Siúlann tú tríd feirmeacha agus coillte agus feiceann tú na barra (crops) ar fad atá ag fás ann- go háirithe arbhair (corn) agus rís. Bíonn radhairc iontacha ar fáil de na páirceanna ríse sa ghleann fút.
Seo sampla den phlanda ríse a fhástar timpeall Vítneam – go háirithe i ngleann Sapa. Is í Vítneam an tríú easpórtálaí ríse (rice exporter) is mó ar domhan (#1-An India, #2-An Téalainn)
Is féidir le turasóirí siúlóid 12km a dhéanamh chuig sráidbhaile (village) áitiúil i ngleann Sapa. Fanann tú le siúlóirí eile (other hikers) i ‘Homestay’ – teach le teaghlach áitiúil. Cuireann na teaghlaigh seo leapacha ar fáil don ghrúpa agus ullmhaíonn siad béilí duit le haghaidh dinnéir an oíche sin agus bricfeasta an mhaidin dár gcionn. Is deis iontach í seo labhairt le muintir na háite agus a gcuid nósanna agus traidisiúin a fheiceáil agus a thuiscint.
D’fhéadfá turas lae a dhéanamh ag siúl trí ghleann Sapa, nó turas seachtaine – is fút atá sé! Ar an drochuair, bhíomar ann i Mí Iúil – lár séasúr na monsún. Bíonn an aimsir an-fhliuch ag an am sin den bhliain, agus bhí roinnt den siúlóid an-sleamhain mar gheall air sin. Dúnadh roinnt bóithre chomh maith leis sin, toisc go raibh sruthanna beaga ag cur thar maoil. Chaitheamar dhá lá sa réigiún ach bheimis sásta cúpla lá eile a chaitheamh ann más rud é go raibh an aimsir níos tirime.