Is láthair UNESCO í Halong Bay ar chósta Vítneam. Tá níos mó ná 1,600 oileán aolchloiche (limestone islands) sa chuan seo agus is féidir dul ar thuras báid ann chun roinnt de na hoileáin a fheiceáil.
Tá go leor gníomhaire taistil lonnaithe i Hanoi a eagraíonn na turais seo gach lá. De ghnáth, téann daoine chuig Halong Bay ar feadh oíche nó dhó. Tá cúpla rogha éagsúil ar fáil don turas maidir le caighdeán na longa, idir bád cóisire do dhaoine óga agus long ghalánta do lánúin ar mhí na meala.
Roghnaíomar long idir an dá chaighdeán sin. Mhair an turas seo lá agus oíche amháin. Bhí idir daoine óga, teaghlaigh agus seanóirí ar an mbád linn agus bhí seomra príobháideach ag gach duine. D’itheamar na béilí go léir le chéile agus tugadh an-chuid bia dúinn! Bhí beár ar an long freisin agus bhí sé an-deas ár scíth a ligeann ar bharr na longa le na paisinéirí eile agus muid ag gluaiseacht trí Halong Bay.
Um thráthnóna, chuamar go léir ag cadhcáil sa chuan agus thuirling muid ar thrá iargúlta. Bhí uisce na farraige an-te agus bhí sé go hálainn dul ag snámh ann agus luí ar an trá ag sú na gréine ar feadh tamaill.
Tá cónaí ar go leor iascairí ar a mbáid iascaireachta féin i Halong Bay. Bogann siad timpeall an chuain agus díolann siad éisc chuig daoine eile atá ina gcónaí sa cheantar. Bhí deis ag na paisinéirí roinnt iascaireachta a dhéanamh ónár long féin tar éis am dinnéir, agus bhíomar in ann na céadta iasc a fheiceáil ag snámh faoin mbád.
An mhaidin dár gcionn, thuirling an long ar thrá eile a bhí in aice le pluais. Dhreapamar ar fad isteach go lár na pluaise agus shuíomar ar an trá bán ina dhiaidh sin chun sult a bhaint as an radharc den chuan.
Turas álainn a bhí ann agus b’fhiú go mór é a dhéanamh leis an láthair UNESCO seo a fheiceáil.