Eolas

Fáilte mhór romhaibh chuig suíomh Gael Trip!

 

Cad é Gael Trip?

Is í an sprioc atá againn i nGael Trip ná taisteal timpeall an domhain agus an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn chomh minic is gur féidir linn! Fillimid ar Éire tar éis gach turas chun ár dtaithí agus moltaí a roinnt libh as Gaeilge!

Scríobhann muid réimse ailt, ó thuairiscí taistil go firicí fánacha go liostaí ‘le déanamh’. Cuirimid físeáin le chéile freisin agus tógaimid go leor grianghraif, ionas gur féidir le gach duine tuiscint a fháil ar áiteanna éagsúla timpeall an domhain!

Fúinn

Is muidne Oisín Mac Cinnéide (innealtóir ó BÁC) agus Emma Ní Nualláin (múinteoir meánscoile as Cill Chainnigh). Bhuaileamar lena chéile mar mhic léinn i UCD i 2009 agus phósamar i Mí an Mheithimh 2016. Thógamar bliain saor ansin ón ‘fíor-shaol’ chun dul ag taisteal timpeall an domhain agus an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn le linn ár n-aistear.

Chuireamar tús le Gael Trip (an blag seo agus cuntais Instagram & YouTube) i Meán Fómhair 2016, agus cé go bhfuil an bhliain iontach sin thart, leanfaimid ar aghaidh ag scríobh cuntais agus ag cruthú físeán de na háiteanna éagsúla ina bheimid as seo amach!