Is é Hanoi príomhchathair na Vítneam agus tá sé lonnaithe i dtuaisceart na tíre.
Mar aon le bailte agus cathracha eile na tíre seo, tá Hanoi plódaithe le daoine, agus bíonn na sráideanna gnóthach agus glórmhar. Is ar mopeds a thaistealaíonn formhór na ndaoine ann ar agus is gnách go bhfeicfeá triúr nó ceathrar ar aon moped amháin.
Bhí Vítneam agus tíortha eile ina thimpeall coilínithe ag na Francaigh fadó, agus tá rian de ailtireacht na bhFrancach le feiceáil go fóill i gcathair Hanoi, an Opera House agus Droichead Long Bien ina measc.
Úsáideann turasóirí cathair Hanoi mar phointe lárnach i dtuaisceart na tíre agus is as seo a théann turasoirí ar cuairt chuig Sapa, Ha Long Bay agus Ninh Bính. É sin san áireamh, is iomaí rud atá le déanamh i gcathair Hanoi í féin agus seo a leanas roinnt dóibh;
Loch Hoan Kiem
Tá loch Hoan Kiem lonnaithe i lár na cathrach agus is áit an-deas í le dul ar mhion-shiúlóid ann. Tá cosán leathan ann a théann timpeall ar an loch ar fad agus bíonn go leor daoine ag rith agus ag siúil ann. Tá gym faoin aer ann freisin le fearas lámh-déanta agus bíonn muintir na háite ag iompar meáchain ann cois locha um thráthnóna. Bíonn daoine eile ag imirt cluiche náisiúnta Vítneam anseo freisin – Da Cau. Imrítear an cluiche seo le heiteán (shuttlecock) agus tugtar pas ó dhuine amháin go duine eile trí chiceáil a dhéanamh. Tá sé an-suimiúil féachaint ar an gcluiche seo agus cleasanna éagsúla a fheiceáil.
‘The Note Coffee’
Tá caife gleoite taobh le loch Hoan Kiem darbh ainm ‘The Note Coffee’. Tugtar nóta ‘post-it’ do gach custaiméir nuair a cheannaíonn siad deoch ann, is féidir leat nóta a scríobh ar an ‘post-it’ agus é a chrochadh ar an mballa. Tá na ballaí clúdaithe le nótaí i dteangacha éagsúla, cuid acu i nGaeilge fiú!
Margadh Bia
Tá cathair Hanoi lán le margaí sráide (street markets) agus is féidir gach saghas bia a cheannach sna margaí seo- spíosraí, glasraí, feoil agus go leor rudaí eile nár aithin muid in aon chor! Tá aiste bia éagsúil ag muintir na tíre i gcomparáid linne in Éirinn, agus cé go raibh go leor spíosraí álainne ann, caithfimid a admháil nach rabhamar ró-thógtha leis an gcuma a bhí ar chuid den bhia a chonaiceamar sna margaí sráide seo- turtair agus francaigh (turtles and rats) ina measc!
‘Beer Street’
Is sráid cháiliúil í ‘Beer Street’ i Hanoi. Tá an áit lán le bialanna agus beáir agus bíonn an tsráid dubh le daoine gach oíche. Bíonn béilí áitiúla le fáil ann ar chostas €2-€3 agus is féidir beoir Vítneamach a cheannach ann freisin. Téann an-chuid turasóirí anseo agus bíonn na céadta daoine suite taobh amuigh ar na sráideanna ar chathaoireacha beaga plaisteacha.
‘Train Street’
Is sráid an-chúng í ‘Train Street’ i Hanoi. Téann traein tríd an sráid seo faoi dhó gach lá, agus nuair a bhíonn siad imithe cuireann cónaitheoirí (residents) na sráide boird agus cathaoireacha amach in aice le na ráillí traenach (train tracks) chun bialanna agus beáir a oscailt do thurasóirí! Bogann siad an troscán ar fad ar ais isteach ina dtithe gach aon uair a bhíonn traein eile ag teacht.