Páirc Náisiúnta Chitwan (Neipeal)

Bhí an t-ádh linn deis a fháil fanacht le pobal áitiúil Barauli i bPáirc Náisiúnta Chitwan. Chuir na teaghlaigh seo fáilte romhainn fanacht i mbotháin bheaga le haghaidh dhá oíche. Thaispeáin siad a gceantar agus modh maireachtála dúinn agus d’ullmhaigh siad béilí traidisiúnta dár ngrúpa chomh maith.

Is í an talmhaíocht an tionscal is mó i Neipeal agus tá os cionn 65% den daonra fostaithe sa tionscal seo. Tá an tír lán de pháirceanna ríse agus barra (crops) eile agus oibríonn muintir na háite go dian iontu gach lá. Bhí sé seo soiléir dúinn ó bheith ag siúl timpeall an bhaile agus bhí daoine le feiceáil ag obair i ngach uile pháirc a chonaiceamar sa cheantar.

Tá cúpla teach ann atá an-ghalánta agus dúradh linn go gciallaíonn sé sin go bhfuil duine ón dteach sin – mac de ghnáth, ag obair thar lear. Téann siad go tíortha eile le ráta pá níos fearr iontu agus seolann siad an t-airgead a thuilleann siad ar ais chuig a dteaghlaigh ionas gur féidir leo tithe níos mó agus níos deise a thógáil.

Tá cónaí ar mhuintir Barauli ar imeall Pháirc Náisiúnta Chitwan. Is páirc an-mhór í- thart ar an tomhas céanna le hÉire! Tá cónaí ar ainmhithe fiáine sa pháirc ar nós tíogair, liopaird, crogaill, moncaithe, srónbheannaigh (rhinos), fianna, toirc (wild boars) agus éin éagsúla. Tugann muintir na háite aire mhaith don áit chun cinnte a dhéanamh nach mbíonn póitseáil (poaching) ar siúl inti. Is féidir dul ar thuras safari agus seans go leagfaidh tú súil ar cúpla ainmhí éagsúil. Bhí an t-ádh linn ceithre shrónbheannaigh a fheiceáil le chéile chomh maith le cúpla moncaí, fia, torc agus éan.

Dhá lá álainn a bhí ann ar an iomlán agus ba bhealach iontach é le modh maireachtála na ndaoine áitiúla a fheiceáil agus a thuisicint.