Firicí Fánacha – An India

Tá líne sa scannán ‘Best Exotic Marigold Hotel’ a dhéanann cur síos ar an India mar ‘assault of the senses’.

Tá fírinne ag baint leis sin gan dabht agus táimid chun na fíricí seo a dhéanamh faoi bhrat na gcéadfaí (the five senses).

Éisteacht

Tá an trácht san India go hiomlán as smacht. Tá i bhfad níos mó gluaisteáin ar na bóithre ná mar atá gardaí ar fáil agus mar sin, ní chloítear le rialacha an bhóthair. Anuas air sin, ligtear do ainmhithe (bó/cearc/caora/sicín/gabhar/moncaí) siúl cibé áit gur mian leo, agus is minic a bhíonn siad ag seasamh i lár na bóthair ghnóthacha. Úsáideann tiománaithe a mbonnáin (car horns) gach cúpla soicind ann 24/7, agus bíonn na bailte agus cathracha lán den torann de na mílte bonnáin de lá is oíche.

Tadhall

An rud is mó a mhothaigh muid nuair a bhíomar san India ná an teas. Bhíomar ann i Mí an Mheithimh agus bhí an tír an-te ar fad, idir 38-49’c gach lá. Anuas air sin, bhí an leibhéal bogthaise (humidity) an-ard, agus bhí sé an-deacair bheith ag siúl timpeall i lár an lae. Den chuid is mó, d’éirigh muid go luath ar maidin (4/5r.n) chun eachtraí a dhéanamh agus d’fhilleamar ar an lóistín do na huaireanta is teo sa lá. Ansin chuamar amach arís tar éis 5i.n le rudaí eile a fheiceáil. Ar an iomlán, bhí sé indéanta dul ag siúl/bheith i do sheasamh/suí ag bialann san India gan bheith ag cur allais!

Blas

Bhíomar ag súil go mór le fíor-bhia na hIndia a thriail le fada agus ní raibh díomá orainn. Bhí treoraí linn a bhí an-chabhrach agus dúirt sé linn bheith an-chúramach le bia sráide agus go háirithe aon bhia ina raibh ola mustaird, toisc nach mbíonn boilg thurasóirí i dtaithí lena leithéid! Bhí na curaithe an-bhlasta ar fad- ach d’ordaigh muid an leibhéal séimh (mild) de gach rud (a bheadh mar leibhéal láidir in Éirinn!) Bhí na béilí seo ar fáil go forleathan chomh maith, agus bhí siad ar fad lán le blasanna – agus spíosraí dar ndóigh! Is feoilshéantóirí iad an tromlach den daonra san India mar gheall ar an reiligiúin atá acu, agus mar sin ní bhíonn feoil ar fáil i roinnt de na bialanna. Seo roinnt de na béilte a d’itheamar go minic ann agus a thaitin go mór linn:

Aloo– prátaí le spíosraí (agus glasraí eile ag brath ar an mbialann)

Dosa– arán leathan (flat bread) le prátaí (nó glasraí eile ag brath ar an mbialann) cócairealta sa lár

Pakora– cosúil le bhajis atá ar fáil in Éirinn le glasraí cócaireálta friochta i bhfuidreamh (batter)

Paratha– ar nós crêpe dúnta le prátaí nó oinniún agus spíosraí taobh istigh de

Thali– meascán de chúpla bia éagsúil. De ghnáth bíonn bia ar nós seo ann- rís, curaí le glasraí, duilleoga mustaird, prátaí cuimín (cumin), anlann lintile (lentil soup), agus taos spíosrach

Bhí go leor siopa milseáin sna cathracha chomh maith agus déantar na milseáin ann de bhainne den chuid is mó. Tá siad difriúil go leor ón réimse milseáin atá againn sa bhaile ach tá siad deas milis fós féin!

Boladh

Bíonn do shrón ag obair go dian san India chun na bolaithe difriúla ar fad a phróiseáil agus a aithint. Bíonn boladh nua ar fáil gach cúpla soicind. Tá go leor fadhbanna sa tír maidir leis an gcóras camrais (sewage system), agus mar sin bíonn boladh de sin ar fáil go minic sna cathracha toisc go mbíonn camras amh (raw waste) ag teacht ó na píobáin agus ag síleadh isteach chuig na haibhneacha.

Tá brúscar caite ar fud na háite chomh maith, agus níor chabhraigh sé sin leis an mboladh ach an oiread.

Leis an líon mór feithiclí a mbíonn ag gluaiseacht ar na bóithre, bíonn an t-aer lán le boladh an bhreosla go minic.

Ar an lámh eile, tá go leor siopaí agus tithe a lasann túis (incense), boladh a chuir muid i nghiúmar deas séimh agus muid ag siúl timpeall.

Bhí boladh an bhia ar fáil go forleathan chomh maith agus bhí go leor bia á cóicearáil ag daoine ar na sráideanna. Thaitin an boladh spíosraí go mór linn agus ba mhinic a chur sé ocras orainn!

Amharc

Bhí cúpla turas fada le déanamh againn ó áit go háit ach ba chuma linn mar ba é an rud is fearr linn le déanamh san India ná féachaint amach an fhuinneog.

Bhí na mílte radhairc le feiceáil ó na traenacha agus busanna: páistí ag imirt cruicéad le hadhmad garbh, aoire le cúpla céad gabhar, mná gléasta sna héadaí traidisúnta a bhí lán le dathanna áille, daoine ag úsáid na sceacha mar leithreas, feirmeoirí ag síleadh plandaí agus barra, daoine ar dhroim chamaill agus eilifintí, ba (cows) i lár na bóithre, moncaithe ag déanamh iarrachta bia a ghoideadh, siopadóirí ag díol éadaí ildaite agus bia de gach saghas, tithe a bhí ina mbotháin agus tithe a bhíodh ina bpáláis tráth. Bhí ionadh agus iontas orainn gach lá a chaitheamar san India leis an méid a bhí le feiceáil ann.

Is tír an-éagsúil í India ó thír ar bith eile ina rabhamar agus tá sé deacair cur síos ceart a dhéanamh ar an áit agus gach rud a chonaiceamar agus a mhothaíomar a fhad is a bhíomar ag taisteal ann. Gan dabht ar bith, eispéireas dochreidte a bhí ann agus is áit í nach ndéanfaimid dearmad uirthi riamh.