Le Déanamh i… Pokhara (Neipeal)

Lake Phewa

Tá cathair Pokhara lonnaithe in aice le Loch Phewa. Tá cosán deas in aice leis an loch agus is féidir siúl ann nó bád beag a fháil ar cíos. Is é an dara loch is mó sa tír.

Margaidh Áitiúla

Tá an baile lán le siopaí a bhíonn ag díol éadaí spóirt ar chostas an-saor, North Face, Lowe Alpine, Helly Hansen ina measc. Tá siopaí eile ann a dhíolanna éadaí agus earraí déanta den phlanda ceineaf (hemp).

Parafaoileoireacht

Tá clú ar Pokhara mar gheall ar na coinníollacha aimsire atá ann le haghaidh parafaoileoireachta (paragliding)! Bíonn an teocht agus an ghaoth an-oiriúnach don spórt aeir seo sa cheantar agus tá radhairc iontacha ar fáil den loch atá suite i lár na cathrach. Bhí an deis againn triail a bhaint as an bparafaoileoireacht agus eispéireas den chéad scoth a bhí ann!

Sliabhraon Annapurna

Tá na sléibhte Annapurna in aice le Pokhara agus tagann an-chuid turasóirí chuig an áit chun iad a dreapadh- siúlóid a mhaireann idir 14-21 lá! Ní raibh go leor ama againn ann é seo a dhéanamh ach ba bhrea linn filleadh ar Pokhara lá éigin ar saoire cnocadóireachta (hillwalking).