Thugamar cuairt ar dhá fhoirgneamh mór le rá in Agra- an Red Fort Palace agus dar ndóigh, an Taj Mahal.
Míníodh stair an cheantair dúinn a fhad is a bhíomar sna háiteanna seo agus chualamar an scéal grá atá taobh thiar de thógáil an Taj Mahal. Tabharfaimid buneolas na bhfoirgneamh daoibh ar dtús agus ansin inseoimid an scéal stairiúil a nascann na foirgnimh seo lena chéile…
Buneolas an Red Fort
Bhí an Red Fort mar phálás i gcathair Agra don Rí a thóg an Taj Mahal. Bhíodh crogaill agus tíogair taobh istigh de bhallaí an fhoirgnimh chun an pálás a chosaint ó ghadaithe.
Anois, ní chosnaíonn sé ach €7 an duine chun dul isteach ann agus an ailtireacht álainn a fheiceáil.
Buneolas an Taj Mahal
Tá an áit seo níos deise ná mar a shamhlaíomar riamh, le healaín álainn snoite (carved) ar an marmar (marble) bán. Thóg sé 22 bliain chun an foirgneamh a chríochnú agus d’oibrigh 20,000 duine air gach lá! Is tuama (tomb) é an Taj Mahal do Bhanimpire (Empress) Agra a fuair bás i 1631 agus thóg a fear chéile an áit in ómós di. (Chuamar ann chun éirí na gréine a fheiceáil agus bhí an áit deas ciúin ag an am sin den lá.)
Scéal Grá an Agra
Bhíodh margaidh ar siúl sa phálás (Red Fort) go rialta do na mná ríoga ar fad, ionas go raibh siad in ann roinnt siopadóireachta a dhéanamh gan dul taobh amuigh den phálás. Ní raibh cead ag na fir dul isteach ann, ach lá amháin lig an Rí air féin gur cailín a bhí ann agus ghléas sé in éadaí baininscneacha. Bhuail sé le bean a bhí ag díol earraí ag seastán amháin agus shíl sé gurbh í an bhean ab áille dá bhfaca sé riamh. B’as gnáth-chlann di agus ní raibh aon bhaint acu le ríochas (royalty), ach ba chuma leis an Rí agus phós siad.
Bhí 14 páiste acu ach níor mhair ach seachtar acu. Bhí siad go mór i ngrá lena chéile agus chuaigh an Banimpire in éineacht leis an Rí go gach cath agus cogadh ina raibh sé ag troid, mar níor thaitin sé léi bheith scartha uaidh.
Bhí sí ag iompar clainne ag ceann de na cathanna sin agus rugadh an leanbh ann a fhad is a bhí an Rí i mbun troda. Bhí gach rud go breá ag an tús ach bhí fadhbanna ann agus fuair an Banimpire bás cúpla uair ina dhiaidh sin.
Bhí an Rí croíbhriste agus gheall sé go dtógadh sé an tuama is deise ar domhan in ómós di.
Nuair a bhí an Taj Mahal leath críochnaithe, d’éirigh duine dá mic an-láidir agus cumhachtach. Mharaigh sé a thriúr deartháir eile agus chuir sé a athair i ngéibheann sa phálás ionas go mbeadh sé féin i gceannas ar an gceantar. Bhí an fhíor-Rí mar phriosúnach ina phálás féin (Red Fort). Tugadh seomra dó a bhí ag féachaint trasna na cathrach i dtreo an Taj Mahal. A fhad is a bhí sé i ngéibheann ann bhí sé in ann súil a choimeád ar dul chun cinn an Taj Mahal óna sheomra leapa.
Níor leag sé cos ann riamh nuair a chríochnaíodh an áit agus fuair sé bás cúpla bliain i ndiaidh sin.
Deirtear go bhfuair sé bás mar gheall ar bhriseadh croí agus cuireadh a chorp sa tuama taobh le huaigh an Bhanimpire.
Seomra an Rí a fhad is a bhí sé i ngéibheann sa Red Fort- bhí sé in ann an Taj Mahal a fheiceáil óna sheomra.
An áit ina mbíodh na margaidh ar siúl sa Red Fort – bhuail an Rí leis an mBanimpire anseo don chéad uair.
Tá uaigheanna an Bhanimpire agus an Rí lonnaithe taobh istigh den Taj Mahal.