Tarlaíonn Searmanas Coinnle ar an Abhainn Ganges i Varanasi gach maidin agus oíche. Creidtear gur Dia í an abhainn seo agus tagann daoine ó gach cearn den tír anseo chun créamadh (cremation) a dhéanamh ar mhuintir a dteaghlaigh nuair a fhaigheann siad bás. Bíonn tinte beaga le feiceáil ar bhruach na habhann agus nuair atá na coirp dóite, caitear an luaithreach isteach san abhainn. Bíonn an searmanas coinnle ar siúl in ómós dóibh siúd a chuireadh san abhainn an lá sin agus don abhainn Ganges í féin.
Is féidir le turasóirí dul ar an abhainn i mbád beag chun féachaint ar an searmanas seo agus tuiscint a fháil ar an méid atá ag tarlú. Tugtar coinneal do gach turasóir agus lastar iad tar éis luí na gréine. Cuirtear na coinnle ar an abhainn agus is féidir guí nó paidir á rá nuair atá do choinneal féin ar snámh ar an uisce.
Úsáideann muintir Varanasi an Abhainn Ganges mar ghnáth-fhoinse uisce chomh maith. Glanann siad iad féin agus a n-éadaí san abhainn – rud atá mar ábhar conspóideach idir rialtas na hIndia agus ceannairí reiligiúnacha. Creideann an rialtas go bhfuil sé míshláintiúil agus dáinséarach ó thaobh galair de, ach creideann na ceannairí reiligiúnacha gur Dia í an Abhainn Ganges agus gur rud naofa é an corp a ghlanadh san abhainn.