Tá cathair Jaipur lonnaithe in oirthuaisceart na hIndia. Is cathair mhór go leor í le os cionn 3 milliún duine ina gcónaí ann.
Mar aon leis na háiteanna eile ar thugamar cuairt orthu san India, tá na sráideanna fíor ghnóthach agus ina chíorthuathail ó thaobh tráchta de!
Tá na bóithre an-bhríomhar agus an-chontúirteach.
Fuaireamar tuck-tuck ón stáisiún traenach chuig ár n-óstán agus bhí na mílte feithiclí eile ar an mbóthar céanna ag rásaíocht i gcoinne a chéile.
Pálás Hawa Mahal
Tugtar an ‘Pink City’ ar an gcuid lárnach de chathair Jaipur mar go bhfuil dath bándearg ar na foirgnimh ann. Tá an pálás Hawa Mahal le feiceáil sa chuid seo den chathair agus tá ailtireacht an fhoirgnimh seo le moladh go hard le na céadta fuinneoga ann.
Sean-Pháláis
Ba shean-phálás é an lóistín a bhí againne ann. Bhíodh sé mar phálás ríoga ach níl na rítheaghlaigh i gceannas a thuilleadh san India agus tá an-chuid de na páláis in úsáid mar óstáin ghalánta sa lá atá inniu ann.
Amber Palace
Rinneamar turas treoraithe chuig an Amber Palace atá suite 20 nóiméad taobh amuigh de chathair Jaipur. Tá an pálás lonnaithe ar bharr cnoic le ballaí móra cosanta ina timpeall. Tógadh é sa bhliain 967 ag an Rí Man Singh 1.
Tógadh é le marmar bán agus gaineamhchloch dearg (red sandstone) agus tá an ailtireacht sa phálás dochreidte álainn ann.
Tá ceithre chuid ag baint leis an bpálás seo agus tá plásóg i ngach cuid de.
Úsáideadh an dara plásóg mar chúirt an Rí le fadhbanna na ndaoine a shocrú. Ní raibh cead ag na mná ríoga dul chuig an gcúirt ar eagla go bhfeicfí iad. Tógadh fuinneoga beaga sa chloch do na mná ionas go raibh siad in ann teacht chuig cúirt ach nach mbeadh siad sofheicthe ag na daoine.
Pictiúrlann Bollywood
Thugamar cuairt ar phictiúrlann cháiliúil- Raj Mandir, i Jaipur le scannán ‘Bollywood’ a fheiceáil.
Is eispéireas faoi leith é seo agus cé nár thuigeamar an script, bhaineamar an-taitneamh as.
Bíonn an lucht féachana an-ghníomhach i rith an scannáin agus bíonn siad ag béiceach, ag screadaíl agus ag canadh os ard sa phictiúrlann – rud nach bhfuil taithí againn air sa bhaile.
Dinnéar ar an Díon
Tá cúpla bialann álainn i Jaipur le radhairc iontacha ar fáil ón díon! D’itheamar i gceann de na bialann seo darbh ainm ‘Dagla’. Bhí sé go hálainn ar fad bheith ag féachaint ar an gcathair agus béile blasta ós ár gcómhair!