Lá i mBaile Pushkar (India)

Ba í seo an chéad áit san India ar thugamar cuairt uirthi. Is baile réasúnta beag é atá lonnaithe cois locha i réigiún Rajastan.

Tá cáil ar an áit seo i measc muintir na hIndia mar go dtarlaíonn féile agus margadh beithigh ann gach bliain. Díoltar agus ceannaítear camaill agus beithigh eile ag an bhféile seo agus is féile agus oilithreacht (pilgrimage) thábhachtach é do mhuintir na háite freisin.

Tá an loch ann naofa dar le muintir na háite agus bailíonn daoine ann le haghaidh searmanas reiligiúnach. Ní ghlacann sé i bhfad an loch a thimpeallú agus an baile a fheiceáil. Tá gach aon saghas rud ar díol sa mhargadh sráide sa bhaile agus is deis iontach é le roinnt siopadóireachta a dhéanamh.

Chuamar ar shiúlóid sléibhe i Pushkar go luath ar maidin lá amháin. Fuaireamar tuck-tuck go bun an chnoic taobh leis an mbaile ag a 4 ar maidin.

Dhreapamar an chnoc chun éirí na gréine a fheiceáil. Tá an ‘Savitiri Temple’ ann mar aon le cúpla moncaí freisin. B’fhiú go mór an siúlóid a dhéanamh ag an am sin den lá, bhí radhairc dochreidte ann ar bharr de éirí na gréine thar bhaile Pushkar agus an loch.

Tá Pushkar suite taobh leis an bhfásach agus is féidir leat turas chuig an bhfásach a dhéanamh ón mbaile ar dhroim chamaill. Is féidir luí na gréine a fheiceáil ann agus béile traidiúsanta a ithe amuigh faoin aer san fhásach.