Le Déanamh i… Tayrona

Is páirc náisiúnta í Tayrona atá suite ar an gcósta taobh amuigh de Santa Marta i dtuaisceart na tíre. Tá go leor imeachtaí le déanamh sa cheantar seo agus b’í seo an áit is fearr linn as ár gcuairt go Colombia!

Lóistín – Hostel Viajero Tayrona

D’fhanamar sa bhrú óige seo agus bhíomar an-tógtha leis. Tá sé suite 25 nóiméad ó phríomhgheata na páirce agus bhí sé ar cheann de na brúnna is deise ina rabhamar riamh mar gheall ar na háiseanna iontacha a bhí ar fáil ann: linn snámha, trá príobháideach, cúirt eitpheile, cluichí talúin, cláir shurfála, bialann, beár agus tine chnámh ina measc! Bíonn turais nó cluichí difriúla eagraithe ann gach lá do na haoínna agus bíonn go leor deiseanna ag gach duine measctha lena chéile agus bualadh le turasóirí eile.

Cuirtear an-bhéim ar an timpeallacht agus dúlra ann agus tá na leithris agus ceathanna ceangailte le na seomraí tógtha gan díon orthu ionas go mothaíonn tú amuigh faoin aeir i gcónaí!

Tá costas €12.50 ar leaba don oíche i seomra le hochtar, nó is féidir €22 a íoc le fanacht i seomra clainne (ceathrar).

B’fhiú é dul chuig an gceantar seo don lóistín seo amháin, gan trácht a dhéanamh ar na himeachtaí iontach eile atá ar fáil ina timpeall!

 

Tubing ar an Abhainn

D’eagraíomar é seo le cabhair ón mbrú óige agus bhí costas €14 an duine air.

Bhailigh cúpla treoraí muid ar ghluaisrothair agus thóg siad muid ar thuras 15 nóiméad chuig abhainn áitiúil. Tugadh tube do gach duine agus ansin shiúlamar le haghaidh 30 nóiméad tríd an dufair leis an túsphointe a shroicheadh. (Déan cinnte bróga compórdacha a chaitheamh mar tá an bealach sleamhain in áiteanna áirithe)

Shiúlamar isteach san abhainn ansin, shuíomar ar na tubes agus thóg an abhainn muid ar ais chuig an mbun!

Bhí sé an-tapa i gcúpla áit ach an-mhall agus síochánta in áiteanna eile de. Bogann an abhainn tríd an dufair agus tá go leor éin agus fiú moncaithe difriúla le feiceáil má choimeádann tú súil ghéar amach.

Thóg sé uair an chloig orainn an turas a chríochnú. Ar an drochuair, bhí sé ag cur báistí nuair a rinneamar an imeacht seo, ach ar lá breá, turas dochreidte a bheadh ann gan dabht.

 

Páirc Náisiúnta Tayrona

Tá costas €17 ar thiceád iontrála agus ansin faightear bus beag (€1 an duine) le haghaidh 10 nóiméad go tús ceart na siúlóide.

Is páirc iontach álainn í Tayrona atá mar dhufair in aice na farraige. Tá go leor ainmhí éagsúla le feiceáil ann- éin, moncaithe, toirtís agus éisc ildaite. Tá cosán siúlóide déanta do thurasóirí na páirce agus is féidir siúl ar sin agus sult a bhaint as radhairc den thrá agus den dhufair araon. Tá trí phríomhthrá sa pháirc: Arricefe (50 nóiméad le siúl ann ón tús), La Piscina (65 nóiméad ón tús), agus Cabo (1 uair agus 35 nóiméad le siúl ann ón tús).

Is fiú dul go luath sa lá chun an scuaine a shárú ag an ngeata agus ansin is féidir an lá a chaitheamh ag siúl ó thrá go trá. Tá cúpla bialann ar fáil ar na tránna agus tá ionaid champála ann freisin más maith leat fanacht ann thar oíche.

Shiúlamar chuig na trí thránna agus chaitheamar roinnt ama ag sú na gréine ar gach ceann acu. Thaitin an dara cheann linn go mór mór mar go bhfuil an fharraige ar nós linn snámha nádúrtha ann.

An t-aon rud le bheith cúramach faoi ná go bhfágann tú na tránna in  am le filleadh chuig an ngeata. Níl aon bhealach ar ais ach an raon siúlóide, mar sin má tá tú ag filleadh ón tríú trá, déan cinnte go bhfágann tú 1uair agus 35nóiméad don bhealach fillte sula ndúnfaidh geata na páirce ag 6 tar éis luí na gréine!

Nod eile: is féidir trealamh snorcalú a fháil ar cíos ón dara trá ar chostas €12, ach d’fhéadfá do cheann féin a thógáil leat le hairgead a shábháil!