Tá Leithinis Mornington suite uair an chloig (tiomáint) ó chathair Melbourne. Tá cáil ar an gceantar seo as an méid fíonghort (vineyards) agus fíonlanna (wineries) atá lonnaithe ann agus na tránna áille atá suite ar an gcósta. Bhí carr ar cíos againn agus chuamar ann ar thuras lae ó Melbourne. Bhí an t-am againn tabhairt faoi trí eachtra éagsúla nuair a bhíomar ann agus seo a rinneamar:
Arthur’s Seat
Is ionad amhairc é seo atá suite ar bharr cnoc ard ar an leithinis. Is féidir carr-cábla a fháil chuig an mbarr ar chostas €15 an duine. Tá radharc álainn le feiceáil ón mbarr den cheantar agus den fharraige, agus is féidir cathair Melbourne a fheiceáil chomh maith sa chúlra. Tá caifé suite ar bharr chomh maith, agus tá ‘Suíochán Arthur’ tógtha taobh amuigh den chaifé.
Turas go Fíonghort
Tá os cionn 200 fíonghoirt agus 50 fíonlanna lonnaithe i Leithinis Mornington. Tá an méid sin rogha ag turasóirí go mbíonn sé deacair ar dhaoine ceann a roghnú! (Tá cúpla drioglann jin ar fáil sa cheantar chomh maith!) Chuamar chuig an fhíonlann, ‘Red Hill Estate’, áit ar féidir cúig shaghas fíona difriúla a bhlaiseadh ar chostas €10. Bíonn freastalaí áirithe ag gach grúpa agus tugann siad cur síos duit ar an mblas éagsúil a bhíonn ag gach saghas fíona, chomh maith le liosta de na comhábhair a bhíonn úsáidte i ngach ceann acu. Mhair an rud ar fad dhá uair an chloig, agus ba shlí an-taitneamh é le tráthnóna a chaitheamh.
Peninsula Hot Springs
Foinsí the atá i gceist le ‘Peninsula Hot Springs’. Áit nádúrtha atá ann a fheidhmíonn mar spá. Tá an áit ar fad taobh amuigh faoin aeir (seachas na seomraí feistis dar ndóigh!) agus tá sé lán de linnte atá deas te. Siúltar timpeall na háite i gculaith snámha, ag bogadh ó linn amháin go linn eile. Tá costas €50 ar an eachtra suaimhneach seo, ach is féidir fanacht ann don lá ar fad chun do scíth a ligean más mian leat!