St Kilda
Is bruachbhaile é St Kilda atá suite cois trá. Tá go leor bialanna agus tigh tábhairne nua-aimseartha scaipthe timpeall na háite. Tá cuan beag ann, agus promanáid fhada a théann ó St Kilda go Brighton. Is féidir rothar a fháil ar cíos ann más mian leat agus an lá a chaitheamh ag rothaíocht nó ag siúl cois trá. Tá coilíneacht bheag de phiongainí ina gcónaí i St Kilda freisin! Ní thagann siad amach go dtí titim na hoíche, ach is féidir iad a fheiceáil agus a chloisteáil ansin ar na carraigeacha.
Turas Siúlóide
Tá turas siúlóide saor in aisce ar fáil i lár na cathrach. Bíonn sé ar siúl faoi dhó gach lá agus maireann sé trí uair an chloig. Tógann treoraí áitiúil tú timpeall na háite, agus insíonn siad scéalta suimiúla don ghrúpa faoi stair agus cultúr na cathrach. Taispeántar ceantair éagsúla den chathair agus faightear léargas suntasach ar an saghas saol a bhíonn ag na daoine áitiúla ann. Rud atá an-suimiúil faoin turas seo ná Séadchomhartha 888; creideann muintir na hAstráile gurb é seo an tslí is fearr leis an saol a chaitheamh- 8 uair an chloig ag obair, 8 uair an chloig i do luí, 8 uair an chloig ag spraoi!
Bróinse (Brunch)
Tá Melbourne ar cheann de na háiteanna is mó le rá ar domhan ó thaobh bróinse de. Tá an-chuid bialanna agus caiféanna a chuireann biachlár bróinse ar fáil dá gcustaiméirí. Béilí blasta, ealaíonta a bhíonn i gceist leo agus úsáidtear réimse leathan de chomhábhair chun béilí cruthaitheacha a ullmhú. Bíonn béilí bróinse costasach go leor in áiteanna áirithe (€18 le haghaidh babhla leite ghalánta!) ach tá caighdeán an bhia an-ard agus ní bheidh ocras ort don chuid eile den lá!
Shrine of Remembrance & Botanical Gardens
Tá Scrín Chuimhneacháin lonnaithe i lár cathair Melbourne. Áit is ea í seo in ómós do na saighdiúirí ón Astráil a throid i gcogaidh éagsúla. Foirgneamh ard, galánta atá ann, agus is féidir súil a leagadh ar na boinn ar fad a bhronnadh ar shaighdiúirí éagsúla ann.
Tá Garraithe na Lus suite sa pháirc in aice leis an Scrín, agus is féidir siúl timpeall na gairdíní agus sult a bhaint as an atmaisféar síochánta atá ann i measc na bláthanna agus plandaí difriúla.
Hosier Lane
Is lána cúng, doirneoigeach é Hosier Lane i lár na cathrach. Tá ballaí an lána clúdaithe le graifítí ildaite agus ealaín álainn. Is féidir ealaíontóirí éagsúla a fheiceáil anseo gach lá, ag cruthú pictiúr de rud éigin thar sean-ealaín duine eile. Bíonn an ealaín ag athrú i gcónaí ann, agus ní fheicfidh tú an rud céanna faoi dhó!
Victoria Night Markets
Má thugann tú cuairt ar Melbourne i lár an gheimhridh, déan cinnte go dtugann tú cuairt ar na margaidh oíche a bhíonn ar siúl gach Céadaoin ó 5-10i.n. Tá go leor earraí agus seodra ar díol ann, agus na céadta seastán bia- is féidir béilí a bhlaiseadh ó gach cearn den domhan! Tá deochanna te ar fáil chomh maith, ar nós scailtín fíona. Tá go leor siamsaíochta le feiceáil ann, idir bannaí ceoil, draíodóirí, ceoltóirí agus rinceoirí. Is féidir páirt a ghlacadh i ndioscó tostach ann freisin más mian leat!