Áras Ceoldrámaíochta (Sydney Opera House)
Tá clú agus cáil ar an bhfoirgneamh seo agus téann sé go mór i bhfeidhm ort nuair a fheictear é don chéad uair. Tógadh é sa bhliain 1973 agus ba í Banríon na Breataine a d’oscail é. Is foirgneamh cáiliúil, íocónach é agus tá an ailtireacht le moladh ann.
Palm Beach
Tá cáil ar Palm Beach mar is í an áit a dhéantar an seó teilifíse mór le rá Home and Away a thaifeadadh.
Má leanann tú an clár teilifíse, aithneoidh tú an trá, an ‘diner’ agus suíomhanna eile ón seó ann ar nós siopa éisc Alf!
Gan trácht ar Home and Away, is áit fíor dheas í ar aon nós le trá fada ann agus is féidir dul ag snámh nó ag tonnmharcaíocht ann. Tá bialanna deasa in aice leis an trá freisin chun lón nó dinnéar a fháil.
Darling Harbour
Is ionad siopadóireachta é seo agus tá sé lonnaithe i gceantar Cuan Sydney. Tá rogha iontach de bhialanna ar fáil anseo agus tá radhairc dheasa den chuan le feiceáil ann.
Siúlóid Chósta; Bondi – Coogee
Is é Bondi an trá is mó atá i Sydney agus tagann na céadta daoine anseo gach lá. Mura mbíonn an fharraige ró-gharbh, is áit iontach í le dul ag snámh nó ag surfáil. Is trá gnóthach é agus bíonn an-chuid daoine ag sú na gréine nó ag imirt sacair nó eitpheile.
Tá siúlóid chósta idir Trá Bondi agus ceantar Coogee. Siúlóid dheas é agus téann tú thar cúpla trá eile ar an mbealach agus thar ailte beaga le radhairc dochreidte ar fáil uathu.