‘Taiscéal’ – Leabhar Scoile le Gael Trip!

A chairde!

A bhuí leis an taithí atá tar éis bheith againn le Gael Trip, bheartaigh muid leabhar a scríobh don Ghaeilge san Idirbhliain!

‘Táiscéal’ is ainm don leabhar (an focal Gaeilge ar ‘explore’!) agus tá sé foilsithe ag an gcomhlacht CJ Fallon.

img_4789

Tá an taisteal mar phríomhthéama an leabhair agus tá go leor gníomhaíochtaí ann atá spéisiúil, spraíúl agus oiriúnach do dhaltaí na hidirbhliana. Beidh sé ar díol i siopaí Easons, ar shuíomh CJ Fallon agus ar schoolbooks.ie, agus is féidir cóip shamplach a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig CJ Fallon, https://www.cjfallon.ie/book/taisceal/.

Míle buíochas daoibh a bhí i dteagmháil linn go dtí seo! Is mór dúinn an tacaíocht ar fad!

img_4790