Meastar i gcónaí gurb é Ios an ‘party island’ den Ghréig- agus tá fírinne ag baint leis sin cinnte. Is mór an rogha atá ann istoíche ó thaobh beáir agus clubanna oíche de.
Ach ag an am céanna, tá tránna áille ann freisin le do scíth a ligint agus tú ag sú na gréine go suaimhneach.
Tá an príomh bhaile lonnaithe suas ar bhar cnoic. Tá an cuid is mó den lóistín ar an oileán suite cois trá áfach ag leibhéal na farraige. Tá seirbhís bus ann a fhreastalaíonn ar mhór chuid an oileáin, agus ag úsáid seo ní gá an cnoc a dhreapadh chuile uair le dul chuig an baile!
Tá an baile féin déanta de shráideanna beaga agus dath bán agus gorm ar gach foirgneamh ann. Tá seodra álainn ar díol i ngach dara siopa agus go leor bialanna sráide a dhíolann bia áitiúil.
Tá go leor clubanna trá ar an oileán ach is é Pathos Beach Club an cheann is mó le rá. Faightear bus ann ón mbaile agus turas 20 nóiméad atá ann ansin. Tá táille €10 le híoc chun dul isteach chuig an gclub agus faightear deoch saor in aisce leis sin. Tá radhairc dochreidte iontach ar fáil ón linn snámha mór anseo. Tá an áit maisithe le troscán álainn agus tá go leor suíocháin agus luascáin suimiúla scaipthe ar fud na háite. Tá bialann deas ann chomh maith agus is féidir súl a choimeád ar luí na gréine anseo agus tú ag baint sult as béile blasta!