Le Déanamh i… Zurich

An Seanbhaile

Tá an seanbhaile Altstadt i Zurich lán le siopaí búitíceanna agus caiféanna beaga. Is ceantar coisithe é agus tá na seansráideanna cúnga déanta de dhuirleoga. Tá an tséipéal Grossmünster suite sa cheantar seo agus is féidir an túr a dhreapadh ann agus radharc a fháil den chathair fút.

Páirc Lindenhof

Tá an pháirc bheag seo suite trasna na habhann ón seanbhaile. Tá sé suite ar chnoc beag agus tá radhairc deasa ar fáil ann den chathair. Imrítear cluichí ficheall agus boules anseo agus bíonn grúpaí de sheanfhir bailithe anseo agus iad ag eirí an-chomórtasach faoi na cluichí!

Siopa Monarchan Lindt & Sprüngli

Dar ndóigh, tá clú agus cáil ar an Eilvéis as ucht an seacláid álainn a dhéantar sa tír. Tá monarchan Lindt suite 20 nóiméad ón lár (ar bhus). Ní féidir turas a fháil den mhonarcha ach is fiú dul ann ar aon nós don siopa ollmhór atá ann. Tar éis tuirlingt den bhus, is féidir boladh álainn a fháil san aer de sheacláid leáite ag teacht ón monarcha. Tá rogha dochreidte ar fáil de sheacláid Lindt sa siopa, idir barraí agus milseáin blasta. Tugtar cúpla milseán duit saor in aisce nuair a shroicheann tú an siopa agus ansin is féidir do rogha rud a cheannach agus iad ar fáil ar phraghsanna níos saoire ná na gnáthshiopaí.

Loch Zurich

Tá Zurich suite ar imeall Loch Zurich. Tá imlíne 88km ag an loch seo agus tá sé 3km ar leithead. Is féidir dul ag siúl nó ag rith in aice leis nó is féidir dul ar thuras báid nó dul ag snámh ann i rith an tSamhraidh.

Seacláid The a Bhlaiseadh

Chualamar rudaí iontacha faoin seacláid the san Eilvéis, agus ní raibh díomá orainn nuair a bhlaiseamar an deoch mhilis seo! Chuamar go cúpla caife éagsúil agus bhí cupán amháin níos deise ná ceann eile. Seans go n-íocfá €5-€6 as, ach tá gach rud níos costasaí san Eilvéis ar aon nós, agus is fiú go mór cupán deas te bheith i do lámha agat ann ar lá fuar i rith an Gheimhridh!