Eachtraí Uisce ar Oileán Paros

Is oileán réasúnta ciúin é Paros. Ní bhíonn an oiread céanna turasóirí ann is a bhíonn i Santorini agus Ios, ach tá an-chuid eachtraí uisce le déanamh ar chósta oirthear an oileáin seo. Is áit an-réchúiseach í Golden Beach sa cheantar seo agus tá trá deas ór ann le bialanna faoin aer agus ionaid le trealamh a fháil ar cíos.

Is é clársheoladh an gníomh is mó le rá ann agus tá cúpla áit ann ar an trá le fearas a fháil ar cíos. Téann roinnt daoine anseo le seachtain nó dhó le díriú ar an gclársheoladh gach lá agus iad ar saoire.Bíonn an ghaoth ag séideadh anseo nach mór gach lá – mar sin is áit an-oiriúnach é le clársheoladh agus seoltóireacht a dhéanamh. Tá turais báid ar fáil anseo freisin agus is féidir trealamh a fháil ar cíos le dul ag SUPáil, ag snorcalú nó caghcál más fearr leat tabhairt faoi na heachtraí uisce sin!