Thugamar aghaidh ar an nGréig le déanaí chun dul ar chamchuairt na n-oileán. Bhí tuairiscí éagsúla cloiste againn faoi phríomhchathair na Gréige, agus bhíomar idir dhá chomhairle faoi dul ann, ach mar a tharla sé lenár n-eitiltí agus báid, bhí lá iomlán breise againn le caitheamh sa chathair ársa seo. Bhí ionadh orainn cé chomh álainn is a bhí sí. Tá go leor rudaí dochreidte le feiceáil timpeall cathair na hAithne, agus seo mar a mholadh muid lá a chaitheamh inti…
Ar Maidin
Ag brath ar an áit ina bhfuil tú ag fanacht, is féidir siúl nó Metro a fháil go sráid Makrigianni, atá lonnaithe in aice leis an suíomh turasóireachta is mó le rá, an Acropolis. Is sráid deas í seo le bricfeásta a fháil nó cupán caife a ól sula mbogann tú ar aghaidh i dtreo an Acropolis.
Is féidir ticéad a cheannach ag an ngeata ansin taobh amuigh den Acropolis – tá costas €20 ar seo, nó is féidir ticéad €30 a cheannach, a ligfidh isteach tú chuig suíomhanna ársa eile timpeall na cathrach. Más mac léinn tú, déan cinnte do charta aitheantais a thógáil leat, mar ligfear isteach tú saor in aisce leis sin!
Is áit dochreidte í an Acropolis agus tá sé an-éasca dhá uair an chloig a chaitheamh ag siúl timpeall na sean-foirgnimh ar fad. Tá an-obair déanta ar athchóirithe ann agus caithfear ard-mholadh a thabhairt do na hiarrachtaí buanchoimeádta seo.
Um Thrathnóna
Faoin am a bheidh tú críochnaithe san Acropolis, tá gach seans ann go mbeidh tú an-thuirseach leis an teas- agus ocrach freisin. Is fiú mar sin, siúl i dtreo an cheantar Monastiraki agus an Flea Market. Tá go leor bialanna deasa ansin agus iad lán le bia blasta na Gréige! I ndiaidh sin, bealach deas le héalú ón ngriain ná chun tamall a chaitheamh ag déanamh píosa siopadóireachta i margadh na míol. Tá an-chuid earraí éagsúla ar díol ann ar phraghasanna ísle, idir éadaí, bróga, seodra agus uirlisí ceoil.
Más rud é gur cheannaigh tú ticéad €30 do na suíomhanna turasóireachta eile, d’fhéadfá an tréimhse seo den lá a chaitheamh ag dul ó cheann amháin go ceann eile acu; Ancient Agora, Hadrian’s Library agus an Olympieion le cúpla ceann a ainmniú.
San Oíche
D’fhilleamar ar ár lóistín ar feadh tamaill gairid chun sos a ghlacadh agus muid féin a ullmhú don oíche. Ansin, trí thimpiste, d’aimsíomar beár i mbrú óige darbh ainm ‘Athens Backpackers’. Ní raibheamar ag fanacht ann ach moladh an áit dúinn. Tógtar ardaitheoir chuig an díon, seacht n-urlár in airde ón talamh. Beár beag atá ann ach tá radharcanna iontacha ar fáil den chathair ar fad. Cuirtear soilse ar siúl san oíche chun an Acropolis a lasadh agus is áit álainn í an beár seo le deoch a ól roimh dhinéir agus an foirgneamh arsa le feiceáil tharat ar an gcnoc.
Tá bia na Gréige an-bhlasta agus má chaitheann tú súil ar TripAdvisor, feicfidh tú go bhfuil rogha leathan bialanna ar fáil san Aithin. Bheartaigh muid dul chuig áit darbh ainm ‘Balcony Restaurant & Bar’, ar imeall sráid Makrigianni. Cosúil leis an mbeár, tá an áit seo suite ar bharr díon, amuigh faoin aer. Ullmhaítear bia an-bhlasta anseo agus tá fíon áitiúil á ndíol acu chomh maith, agus gach rud ar fáil ar chostas an-réasúnta.
I ndiaidh duit é sin a dhéanamh, is féidir siúl timpeall na sean-sráideanna gleoite, nó suí taobh amuigh de theach tábhairne, agus sult a bhaint as an atmaisféir cáirdiúil, beomhar atá le mothú sa sean-chathair seo.