Buaiteoirí den Ghradam ‘Blag Gaeilge is Fearr’ !!!

Bhí oíche dochreidte againn san Academy i mBaile Átha Cliath aréir! Bhí Gael Trip ainmnithe mar iomaitheoir sa chraobh don ‘Blag Gaeilge is Fearr’ ag na Gradaim Náisiúnta agus bhíomar ag tnúth go mór leis an oíche! 

Ní raibheamar ag súil leis an nGradam a bhuachaint áfach toisc go raibh ard-chaighdeán ann i measc na mblaganna eile sa chatagóir. Bhí ionadh an domhain orainn mar sin nuair a d’fhógraíodh gur bhuaigh muid! Táimid go hiomlán ar bís agus fós ar mhuin na muice inniu! 

Bhí an-oíche againn ag céiliúradh le na blagálaithe eile agus comhghairdeas le na hiomaitheoirí ar fad a bhí ann aréir! 

Míle buíochas do V by Very, eagarthóirí na hoíche, agus Fóras na Gaeilge a bhí mar urraitheoirí don ghradam ‘Blag Gaeilge is Fearr’.

Chuir os cionn 5000 blag isteach ar na gradaim agus rinneadh gearrliosta ansin le 1200 blag. Ní chreidimd go bhfuil muidne mar cheann de na 27 buaiteoirí a roghnaíodh agus tá muid fíor bhródúil as an éacht seo!