Cúrsaí Gailf i Tenerife

A bhuí leis an dea-aimsir bhuan, is áit idéalach í Tenerife do imreoirí gailf. Tá naoi gcúrsa gailf lonnaithe ar an oileán agus gnéithe éagsúla ag baint le gach ceann acu. Tá trí chúrsa difriúla ag Golf del Sur agus is féidir cluiche 27 poill a imirt ansin! Tá an cúrsa in Abama Golf an-dúshlánach ach tá radharcanna iontacha ar fáil ann toisc go bhfuil sé suite díreach in aice na farraige. Bunaíodh an Real Club de Golf de Tenerife i 1932, agus is é seo an dara chlub gailf is sine sa Spáinn. Tá cúrsaí 9 bpoll ann freisin atá oiriúnach do thosaitheoirí agus dóibh siúd a bhfuil fonn orthu an lá a chaitheamh ar an trá tar éis píosa gailf a imirt!

Hole_3_Los_Lagos_golf_-_panoramio

Anuas ar seo, tá an-chuid cúrsaí gailf mearaí ar fáil i nach mór gach baile i Tenerife. Tá na cúrsaí spraíúla, dathannacha seo go léir suite taobh amuigh san aer. Bíonn siad ar oscailt ó mhaidin go hoíche agus costas ísle orthu chomh maith. Is bealach an-spraíúil é seo le huair nó dhó a chaitheamh i lár an lae nó níos déanaí san oíche tar éis béile a ithe!

 

tenerife_golf_courses-e1471088267862