Páirc Náisiúnta Mount Teide
Téann níos mó cuairteoirí chuig an bPáirc Náisiúnta seo ná aon cheann eile san Eoraip. Tá an páirc seo lonnaithe timpeall an Bolcán Mount Teide; is í Mount Teide an sliabh is airde sa Spáinn agus tá sé lonnaithe i lár oileáin Tenerife. Sliabh Bolcáin atá ann le hairde 3,718m, agus 1909 an uair dheireanach gur phléasc sí. Is féidir tiomáint cóngarach go leor chuig barr na sléibhe agus tá carr cábla a théann go dtí an barr ar fad. Má tá fonn ort dul go barr na sléibhe is gá éadaí breise a thógáil leat, mar tá teocht i bhfad níos ísle ann ar bharr.
Is fiú go mór dul ar thuras go dtí an ceantar seo den oileán, mar tá tír-radharc ón mbolcán agus radharcanna dochreidte le feiceáil ann.
Costas: €25 ar an gcarr cábla (agus is fiú é a chur in áireamh roimh ré!)
Vilaflor-Fíonghort
Is baile beag é Vilaflor atá lonnaithe faoi scáth Teide ag 1,400m thar airde na farraige. Is é seo an baile is airde sa Spáinn, agus tá sé chomh hard sin go mbíonn tú ag breathnú síos ar na scamaill fút go minic. Nuair nach mbíonn na scamaill ann, tá radharcanna iontacha ar fáil de chósta deiscirt an oileáin. Déantar an-chuid fíon a tháirgeadh sa Spáinn agus ar na hoileán Chanáracha ach go hairithe. Is féidir dul ar cuairt chuig fíonghort i dtuaisceart an oileáin nó i mbaile Vilaflor sa deisceart. Is fiú an turas lae seo a dhéanamh, mar taispeántar an fíonghort duit agus na seanmhodhanna traidisiúnta a úsáideann siad chun an fíon a thairgeadh. Chomh maith le go leor fíonta difriúla a bhlaiseadh, faightear béile bhreá ann le dul leis an bhfíon.
Costas: €40-€60 an duine
Siam Park
Is páirc siamsaíochta uisce é seo atá lonnaithe i gCosta Adeje. Dar le TripAdvisor, is é seo an pháirc uisce is fearr ar domhan! Téann busanna go dtí an pháirc ó gach baile sa deisceart agus iad ar fáil saor in aisce gach uair an chloig.
Tá téama na Téalainne mar chuid lárnach den pháirc agus tá na foirgnimh, bialanna agus sleamhnáin ar fad tógtha faoin téama sin. Tá 12 sleamhnáin éagsúla ar fáil tríd an bpáirc, ó chinn díreach agus tapúla go cinn grúpa le rafta. Tá abhainn leisciúil i lár na páirce freisin agus is féidir do scíth a ligint ansin agus tú ag bogadh go mall ar rafta. Tá linn snámha ollmhór ann chomh maith, agus is anseo a gheofar an tonn bhréagach is mó ar domhan. Is áit iontach í seo le lá a chaitheamh – do pháistí agus daoine fásta araon! Nuair a bheidh an lá críochnaithe agat, is féidir siúl trasna an bóthar chun píosa siopadóireachta a dhéanamh nó dinnéir a ithe san ionad siopadóireachta, Siam Mall.
Costas: €24 páiste; €35 duine fásta
Monkey Park
Is páirc álainn í seo atá lonnaithe ar imeall Los Cristianos sa deisceart. Zú beag atá i gceist ach an rud is fearr faoi ná gur zú idirghníomhach atá ann, agus eachtra an-saor é seo muna bhfuil fonn ort mórán airgid a chaitheamh. Is féidir bia úr a thógáil leat (nó é a cheannach sa siopa ann) agus siúl timpeall ag tabhairt glasraí agus torthaí do na hainmhithe éagsúla. Tá go leor ioguánaí, moncaithe, muca ghuine, agus toirtísí ann agus is féidir lámh a leagadh orthu agus bia a thabhairt dóibh. Níl siad cúthaileach in aon chor agus is minic a ghoideann siad bia ó do lámh! Is áit álainn í le cúpla uair a chaitheamh agus bainfidh páistí is daoine fásta araon an-shult as an turas.
Costas: €5 páiste, €10 duine fásta
Tá cáil ar Tenerife toisc go scairteann an ghrian anseo gach uile lá (nach mór), agus le teocht buan idir na 20-30í’c, is áit idéalach í Tenerife le saoire faoin ngrian a chaitheamh. Tá na tránna i ndeisceart an oileáin lán le gaineamh bog bán agus tá iliomad eachtraí gur féidir déanamh orthu; snorcláil, SUPing, cadhcáil, eitpheil, tumadóireacht, agus dar ndóigh; sú na gréine. Tá go leor tránna deasa scaipte thar 10km agus is fiú siúl ó cheann amháin go ceann eile má tá cúpla uair an chloig agat; Playa de los Cristianos; Playa de los Tarjales; Playa de las Vistas, Playa del Camison, Playa de las Americas, Playa del Troya; Playa Torviscas; Playa El Duque agus Playa Caleta.
Tonnmharcaíocht
Aithnítear Tenerife mar lár ionad tonnmharcaíochta, atá mór le rá i measc an phobail surfála timpeall na cruinne. Tá iliomad scoileanna tonnmharcaíochta ar fáil ar an oileán, agus is mór an méid tránna atá ann freisin gur féidir dul ag tonnmharcaíocht orthu. Caithfear rabhadh a thabhairt dóibh siúd gurb é a gcéad uair ag baint triail as áfach, mar ní hí an áit is éasca le tonnmharcaíocht a fhoghlaim.
Is sceir clocha bolcáin a chothaíonn na tonnta seachas gaineamh. Is féidir na clocha a fheiceáil fút mar sin agus tú san uisce, agus tá sé beagáinín níos scanrúla dá bharr.
Tá pobail mhór ar an oileán atá gafa leis an spórt agus tá an-chuid daoine a thagann ar cuairt anseo don tonnmharcaíocht amháin. Fiú muna bhfuil fonn ort féin dul san uisce, is féidir suí ar bhinse nó ag café cois farraige agus féachaint ar na cleasanna tonnmharcaíochta ar fad a bhíonn á déanamh ag na hiomaitheoirí proifisiúnta, atá lán le tallann agus gan eagla ar bith!
Costas: €15- 2 uair le haghaidh clár tonnmharcaíochta agus culaith uisce