Bliain ar an bhFód!

Táimid ag céiliúradh an chéad bhreithlá de Gael Trip inniu! Ní chreidimid go bhfuil Gael Trip ar an bhfód ar feadh bliana anois! Bliain den chéad scoth a bhí ann dar ndóigh, thaistil muid chuig an-chuid tíortha éagsúla agus chonaiceamar go leor rudaí iontacha.

Táimid ag súil le go mbeidh an chéad bhliain eile chomh lán le heachtraí agus spraoi arís. Leanfaimid orainn ag scríobh tuairiscí taistil faoi na háiteanna éagsúla ina mbeimid – agus táimid ag súil le tuairisc faoi áiteanna in Éirinn as seo amach freisin! 

Go raibh míle maith agaibh ar fad as bhur moltaí agus smaointí a roinnt linn, déanfaimid ár ndícheall sibh a choimeád ar an eolas faoi áiteanna álainne an domhain agus leanaigí leis an taisteal agus spaisteoireacht ar fad idir an dá linn!

Beir bua!

– Gael Trip