Tagann an cuid is mó de thurasóirí chuig an oileán Canáraí Tenerife chun saoire a thógáil faoin ngrian agus é a ghlacadh go réidh ar an trá. Tá go leor siúlóidí deasa le déanamh ann freisin áfach – daoibh siúd a mbaineann sult as píosa aclaíochta a dhéanamh agus sibh ar saoire!
Seo chugaibh píosa eolais ar an dá shiúlóid is fearr linn:
Siúlóid Chósta 10km: La Caleta go Los Cristianos
Is féidir siúlóid álainn a dhéanamh ar imeall an chósta sa deisceart, atá 10km i bhfad. Is fiú bus áitiúil a fháil ar dtús chun dul chuig an baile beag iascaireachta, La Caleta. Is sráidbhaile an-bheag é, ach is áit an-shuaimhneach agus ciúin í, atá beagáinín scartha ó na bailte eile a bhíonn lán le turasóirí.
Tar éis cupáin caife blasta a ól ansin, is féidir tús a chur leis an siúlóid agus an cosán a leanúint tríd na bailte cósta ar fad; Playa El Duque, Playa Torviscas, Puerto Colon, Costa Adeje, Las Americas agus Los Cristianos.
Tá tréithe difriúla ag baint le gach ceann acu ach tá siad ar fad an-ghleoite agus iad lonnaithe díreach in aice leis an bhfarraige. Is féidir an 10km a chlúdú ar an bpromanáid (ag rith nó ag siúl) laistigh de dhá uair an chloig, ach dár linn, an rud is fearr le déanamh ná an lá ar fad a chaitheamh ag siúl go mall ó bhaile go baile, agus sosanna minice a thógáil sna mílte siopaí, bialanna agus beáranna atá ar fáil ar an mbealach.
Gleann Masca
Is sráidbhaile beag é Masca atá lonnaithe in iarthar an oileáin. Tá clú agus cáil ar an mbaile seo mar gheall ar an suíomh ina bhfuil sé lonnaithe agus an tír-radharc atá ann.
Is eispéireas ceart é an turas síos ann sa charr nó bus, mar tá an sráidbhaile lonnaithe síos i ngleann domhain ar bharr cnoc beag. Tá an sráidbhaile timpeallaithe ag sléibhte, ach tá an fharraige le feiceáil i bhfad thíos sa ghleann. Is féidir cupán caife nó béile a fháil anseo sa sráidbhaile gleoite.
Tá siúlóid iontach ann gur féidir a dhéanamh ó bhaile Masca, síos tríd an ngleann chomh fada leis an bhfarraige. Siúlóid 7.5km atá ann, ach tógann sé 3.5 uair an chloig (don duine aclaí) chun é a chríochnú. Tá an siúlóid dúshlánach go leor toisc go mbíonn ort dreapadh thar clocha móra anois is arís, nó sruthanna beaga a trasnú. Críochnaíonn an siúlóid síos ag bun an ghleann ag trá álainn, agus is féidir dul ag snámh ann. Bíonn báid ag dul ar ais chuig Los Gigantes uaidh sin go minic agus is féidir na haillte arda a fheiceáil ón bhfarraige agus tú ag filleadh ón siúlóid ar an mbád.
Costas Taxi ó Los Gigantes: €25
Costas ar Bhád ar ais go Los Gigantes €10