Bailte Cúba

Chaitheamar beagnach coicíse i gCúba agus thugamar cuairt ar cheithre bhaile éagsúil sa tréimhse sin. 

Havana (2 lá)

Is príomhchathair na tíre í Havana. Tá iarsmalann cháiliúil an chogaidh le fáil anseo chomh maith le go leor stiuideónna ealaíne agus sean-séipéil. Tá na sráideanna lán le ceol agus ealaín agus iad ar fad an-ghnóthach i gconaí le daoine áitiúla agus turasóirí araon. Tá siúlóid fhada cois farraige le déanamh anseo ar an Malecón (balla farraige atá 8km ar fhad) agus go leor roghanna lóistíne ar fáil, ó bhrúanna óige go casas áitiúla go hóstáin ghalánta.


Vinales (2 lá)

Tá Vinales suite dhá uair an chloig sa charr ó Havana. Is baile beag é ina bhfuil muintir na háite an-chairdiúil agus cabhrach. Tá na céadta casas ann le mná tí álainne agus go leor bialanna le béilte breátha. Tá páirc náisiúnta ann ina bhfuil feirmeacha tabac, torthaí agus glasraí agus is féidir turas a fháil timpeall na páirce mar shiúlóid nó ar dhroim capaill. Tá go leor pluais suimiúla i Vinales freisin agus is féidir siúil chucu nó turas beag a eagrú le treoraí. Ar lá te grianmhar, is rud deas é siúl suas an cnoc chuig an óstán Hotel Ermita agus $3 a íoc chun an linn snámha a usáid agus soláiste bheith agat ag féachaint amach ar na radharcanna deasa.


Trinidad (4 lá)

Is turas bus ocht n-uair an chloig é chun dul ó Vinales go Trinidad- ach is fiú é. Is baile UNESCO é Trinidad, lán le foirgnimh ildaite agus sráideanna cobble. Tá go leor iarsmalanna sa cheantar seo agus roinnt áiteanna inar féidir le turasóirí tabhairt faoi ranganna Spáinnise, damhsa, ceoil nó cócaireachta. Tá ceoltóirí áitiúla le fáil ar beagnach gach sráid anseo agus seó ceoil agus rince salsa ar siúl gach oíche in aice leis an bpríomh cearnóg- Plaza Mayor. Má dhéanann tú píosa taighde roimhré aimseoidh tú cúpla bialann deasa anseo freisin. Is turas lae iontach é dul fiche nóiméad i tacsaí go trá Playa Ancon agus cúpla uair an chloig a chaitheamh ann ag sú na gréine agus ag snámh sa Mhuir Chairib.


Varadero (4 lá)

Chuamar go Varadero ag deireadh an turais ar feadh trí lá. Is leithinis í atá suite dhá uair an chloig sa charr ó Havana. Tá óstáin mhóra scaipthe amach thar an leithinis agus iad ar fad all-inclusive. Fuaireamar margadh ar líne sula ndeachamar go Cúba agus d’fhanamar i gceann de na hóstán sin ar chostas €80 san iomlán don oíche. Is cinnte go raibh sé níos costásaí ná na casas a bhíonn ar fáil ar €25 an oíche, ach d’óstán all-inclusive, b’fhiú é! Sna hóstáin seo i Varadero, tá an bia agus deochanna ar fad saor in aisce do na haíonna agus bíonn siamsaíocht ar siúl iontu gach oíche i bhfoirm seó damhsa nó taispeántas uisce nó banna ceoil áitiúil. Chomh maith leis sin, tá na hostáin seo suite díreach ar an trá in aice leis an Muir Chairib, agus is féidir dul ar shiúlóidí fada ann ar an ngaineamh bán. Is cinnte gur shlí deas é seo chun do scíth a ligint ag deireadh do thréimhse i gCúba.