Den chuid is mó, is firicí iad seo ach baineann cúpla ceann acu leis an eispéireas a bhí againn agus na rudaí a thugamar faoi dheara ann freisin!
Stair agus Cumannachas
Tá cumannachas fós an-láidir sa tír ó bhlianta na réabhlóide. Tá deartháir Fidel Castro, Raúl Castro ina Uachtarán anois agus tá Che Guevara fós mar phríomh-laoch muintir Chúba- rud atá an-shoiléir ó na mílte pictiúr atá tarraingte dó ar bhallaí i sráideanna timpeall na tíre.
Is cosúil go bhfuil tromlach na ndaoine an-shásta fós leis an saol cumannach atá acu, níl mórán saibhris le feiceáil ann, ach ar an lámh eile níl mórán daoine gan dídean ann ach an oiread. Tá roinnt tithe agus foirgnimh an-shean agus ag titim as a chéile, ach fós féin, tá teach ag nach mór gach clann, tá post ag gach duine, agus ar an iomlán, tá muintir Chúba an-shásta lena saolta.
Nós eile a bhaineann leis an gcumannachas i gCúba ná gan aon rud a chaitheamh amach; má bhristear rud éigin, deisítear é. Is é seo ceann de na cúiseanna go bhfuil na sean-charranna móra ó na 50í agus 60í fós á dtiomáint ag na Cúbaigh! Is cinnte go bhfuil na gluaisteáin an-shean ach tugtar aire mhaith dóibh agus carranna fíor-álainn clasaiceach atá iontu.
Easpórtáil agus (Easpa) Iompórtáil
Cé nach mbíonn na Cúbaigh ag iarraidh earraí a fháil ó thíortha eile, tá siad sásta go leor roinnt dá dtairgí dúchasacha a easpórtáil. Tá clú agus cáil ar Chúba dá cigars agus buidéil rum, agus gach bliain díolann siad na milliúin dóibh do thíortha eile.
An rud is mó a chur ionadh orainn maidir le cúrsaí trádála áfach, ná an easpa earraí agus brandaí atá ar fáil i gCúba ó thíortha eile an domhain. Ní dhéanann siad iompórtáil ar aon tairgí; tá a mbranda féin cola agus beoir acu mar shampla, níl méarbhialann ar bith le fáil ann, ní dhíolann siad ach éadaí a ndéantar taobh istigh den tír, agus níl teacht éasca acu ar chláir teilifíse Meiriceánaigh ná suíomhanna idirlíne.
Níl siopaí beaga bia ná ollmhargaidh ar fáil ann; níl mórán áiteanna gur féidir bia a cheannach taobh amuigh de bhialann oifigiúil. Ba léir dúinn tar éis cúpla lá a chaitheamh ann go ndéantar an-chuid malartú earraí ann; má tá cearca agus uibheacha ag duine éigin, déanfaidh siad margadh le duine eile atá ag díol torthaí nó feoil, agus is cosúil gur sin mar a dhéanann an-chuid de na Cúbaigh a gcuid siopadóireachta.
Cúrsaí Teagmhála
Cé nach bhfuil an bheirt againn go hiomlán gafa leis an idirlíon, is gnách go n-úsáidfeadh muid é le haghaidh cúpla nóiméad gach lá, ach ní sin mar a bhí i gCúba. Is annamh a thiocfá ar an idirlíon ann- WIFI ná caife ríomhaireachta. Uaireanta is féidir carta idirlíne a cheannach i siopa faoi leith agus an t-idirlíon a úsáid ar feadh uair an chloig, ach níl sé éasca na háiteanna sin a aimsiú. Is cinnte nach mbíonn teagmháil ag muintir Chúba leis an domhan mór, ach mar thurasóir ann, níl rogha agat ach glacadh leis an slí mhaireachtála sin freisin.
Bhuaileamar le go leor daoine áitiúla agus cuireadh fáilte an-mheasctha romhainn; d’fhanamar i gcúpla casa (tithe daoine áitiúla) agus bhíodh na mná tí mar mháthair dúinn, ag cabhrú agus ag caint linn agus ag déanamh cóicaireachta dúinn- ní dhéadfadh siad bheith níos cáirdiúla! Ar an drochuair, bhuaileamar le cúpla duine freisin a bhí diúltach go leor roimh thurasóirí, rinne siad an-iarracht an dallamullóg a chur orainn maidir le treoracha nó praghasanna, nó ní labhródh siad Béarla linn cé go mbeadh an teanga acu. Mar thurasóir ann, caithfear a bheith ag faire amach i gcónaí do na daoine sin, ach den chuid is mó, tabharfaidh na Cúbaigh aire mhaith duit.
An Teanga
Níl mórán Spáinnise againn ach rinneamar an-iarracht na frásaí agus tearmaí is bunúsaí a fhoghlaim agus muid ann. Níl na Cúbaigh tóghta leis an mBéarla mar theanga agus d’fhoghlaimaíomar gur fearr i bhfad iarracht a dhéanamh leis an Spáinnis fiú muna bhfuil ach cúpla focal agat. Déan cinnte leabhar frásaí a thabhairt leat ann, nó an app ó Google Translate a íoslódáil roimhré.
Bia
Mar gheall ar an easpa iompórtála a dhéantar i gCúba, níl rogha leathan spiosraí ná anlainn ná gnáth comhábhair eile acu. Mar sin faraor, shíleamar go raibh sé an-dheacair teacht ar bhia blasta sa tír. Fásann go leor torthaí agus glasraí ann a bhíonn an-úr agus deas, ach ó thaobh béilí chearta de, is minic a bhí díomá orainn. Thánamar ar leabhar Lonely Planet agus muid ann agus den chuid is mó chloígh muid le ná moltaí bialanna a bhí luaite istigh ann. Itear an-chuid rís, pónairí agus sicín sa tír, ach is annamh a bhíonn anlann d’aon saghas ar fáil leo.
Tá dhá airgeadra éagsúil i bhfeidm sa tír- ceann amháin, CUP, do dhaoine áitiúla agus an dara cheann, CUC, do thurasóirí. Is fiú 26CUC 1CUP ach is minic a bhíonn an uimhir chéanna ar rudaí; 30 CUP do thicéad bus ach 30 CUC a bheadh ann freisin don turasóir, rud a chiallaíonn go mbíonn turasóirí ag íoc 26 uair níos mó ná muintir na háite. Ar dtús cheapamar go raibh sé seo thar a bheith mí-chothrom orainne, ach tar éis tuiscint a fháil ar an gcóras pá agus airgid atá ann, ní raibh fadhb ar bith againn le na praghasanna níos airde; an gnáth-tuarastal a thuilltear i gCúba ná €20 in aghaidh na míosa.
Cultúr
Is dócha gurb é an cultúr an rud is mó a chur áthas orainn i gCúba. Tá go leor iarsmalanna ann, agus na mílte siopaí agus stiuideónna ealaíne. Is minic fiú a úsáidtear ballaí sráide mar chanbhás ealaíne agus tá an-chuid ealaín sráide álainn le feiceáil i ngach baile ann. Anuas ar sin, is tír lán le ceol í Cúba, ní gá ach siúl 50 méadar in aon treo agus cloisfidh tú ceol beo latino. Bogann ceoltóirí ó bhialann go bialann agus ó bheáir go beáir agus iad ag seinm a gcuid uirlisí is ag canadh. Is minic a thosaíonn daoine ag damhsa ar na sráideanna má tá ceoltóirí spreagúla le cloisteáil!
Tá oileán Cúba i lár an Muir Chairib, rud a chiallaíonn go bhfuil aimsir deas te ann don bhliain ar fad. Bíonn cúpla mí ann ina mbíonn sé ag cur báistí an-chuid, ach fanann an teocht idir 21’c agus 30’c i rith na bliana ar fad. Ó mhí na Samhna go Mí Bealtaine, is annamh an lá nach mbíonn an ghrian ag taitneamh. Bhíomar ar thrá ann lá amháin nuair a d’athraigh an aimsir agus tháinig stoirm ollmhór isteach ón bhfarraige, ach bhíomar faoi gheasa leis sin freisin agus an taispeántas tintreach agus toirneach a léirigh an spéir dúinn!