Páirc Náisiúnta Valle de Viñales
Is páirc náisiúnta í seo inar féidir leat dul ar thuras siúlóide nó turas capaill timpeall feirmeacha tabac, torthaí agus glasraí. Tugtar deis duit triail a bhaint as cigar a chaitheamh agus rum áitiúil a bhlaiseadh. Tá pluais anseo freisin agus is féidir siúl ó thaobh amháin go taobh eile de.
Costas: $10-20
Is trá álainn é seo atá suite 20 nóiméad sa charr ó bhaile Trinidad. Tá cúpla bialann ann agus is féidir an lá a chaitheamh ag luí faoin ngrian agus ag snámh san fharraige the.
Costas: $1 an duine ar tacsaí fillte
Seo an phríomh-chearnóg sa bhaile UNESCO Trinidad agus tá an séipéal mór Iglesia Parroquial de la Santísma Trinidad suite ann. Tá go leor bialanna agus beáir in aice leis an gcearnóg agus bíonn ceol agus rince beo ar fáil ar na sráideanna ann gach oíche.
Meánchostais: $1 ar bhuidéal beorach nó manglam rum; $8 le haghaidh béile; Ceol- saor in aisce
Disco Ayala (La Cueva), Trinidad
Is club oíche é Disco Ayala atá lonnaithe i bpluais deich nóiméad siúl ó lár an bhaile Trinidad. Bíonn sé ar oscailt gach oíche den seachtain seachas Dé Luain. Tar éis táille a íoc, siúlann tú síos staighre clocha agus isteach go lár pluais mhór faoin talamh. Tá soilse strobe agus córas fuaime dochreidte isteach ann agus le gach splanc solas is féidir gnéithe difriúla den phluais a fheiceáil.
Moladh: Tá an áit seo dochreidte iontach, ach an-dainséarach; bíonn uisce ag titim ón tsíleáil ar shreanganna an chóras fuaime agus ar an úrlar lán le daoine ag damhsa, mar sin ní dóigh linn go bhfanfaidh an áit ar oscailt agus an tír ag eirí níos gnóthaí le turasóirí, ach má fhaigheann tú deis dul ann go luath sa todhchaí tapaigh é!
Costas: $5 cead isteach, $3 ar dheochanna
Is trá bán álainn é seo in aice leis an bhfarraige Caribbean. Is féidir luí amach ann nó dul ar shiúlóid fhada ar an ngaineamh bog.
Costas: saor in aisce