Turas Bóthair ar Highway 1

Bhíomar sna Stáit Aontaithe i gcomhair cúig sheachtain, agus an aidhm a bhí againn ná dul ó San Francisco go dtí San Diego sa tréimhse sin. Fuaireamar carr ar cíos agus bheartaíomar an bóthar stairiúil ‘Highway 1’ a thiomáint le roinnt stopanna ar an mbealach. Is bóthar é seo a leannan cósta California an tslí ar fad ó bharr go bun. Aistear (thart ar) 450 míle atá ann san iomlán chun dul ó San Francisco go San Diego má leanann tú Highway 1.

Ba iomaí uair a chuamar ar strae, ach shroicheamar ár gceann scríbe ar deireadh, buíochas le Dia (agus le Google Maps).


Ba é Monterey an chéad stop dúinn ag taisteal ó dheas ó San Francisco. Is baile cois farraige é seo agus is é an rud is mó le déanamh ann ná cuairt a thabhairt ar an uisceadán cailiúil, Monterey Bay Aquarium. Ba é seo an t-uisceadán céanna a raibh sa scanánn ‘Finding Dory’. Chaitheamar os cionn trí uair an chloig ag breathnú ar na hiasc agus ainmhithe sna humair éagsúla agus b’fhiú go mór an t-airgead é.

I ndiaidh dúinn dhá lá a chaitheamh i Monterey, bheartaíomar bogadh ar aghaidh i dtreo na deiscirte agus i dtreo aimsir níos teo! Thiománamar ar an mbóthar cáiliúil ‘17 Mile Drive’ agus muid ag fágáil Monterey. Is tiomáint é seo a théann ó Monterey go Carmel, timpeall an chósta, tríd an cúrsa gailf cháiliúil ‘Pebble Beach’. Stopamar i gcomhair lón ag Carmel, baile cósta gleoite agus rathúil le tithe álainne agus bialanna deasa.

Ar aghaidh linn ar Highway 1 ag tiomáint ó dheas agus an t-Aigéan Pacific le feiceáil an tslí ar fad. I ndiaidh dúinn Carmel a fhágáil, chuamar trí shliabhraon agus ceantar an ‘Big Sur’. Is tiomáint thar a bheith eipic ar fad é an giota seo agus tá go leor áiteanna le stopadh agus grianghraif a thógáil.


Ghlacamar ár gcuid ama agus stopamar ó am go chéile le grianghraif a thógáil. Stopamar ag trá a raibh na míolta rónta eilifint ag luí air agus b’íontach an radharc é.

Chaitheamar oíche ag campáil i Morro Bay i ndiaidh lá fada ag tiomáint. D’fhágamar go moch ar maidin agus thiománamar chomh fada le Carpenteria, baile beag in aice le Santa Barbara.

Stopamar ag cúpla trá ar an mbealach, Pismo Beach agus Avila Beach ina measc. Téann an bóthar soir ón bhfarraige ar feadh tamaill roimh Santa Barbara agus tá na míolta acra de fheirmeacha le feiceáil ann. Chonaiceamar na céadta oibrithe ann freisin ag obair go crua faoin ngriain ar na feirmeacha.


Is áit fhoirfe í Carpenteria le campáil agus chuireamar fúinn ann ar feadh trí oíche. Tá an t-ionad campála féin lonnaithe díreach cois trá agus is siúlóid dhá nóiméad é go dtí an baile. Mar a tharla, bhí féile bhliantúil ar siúl an deireadh seachtaine céanna a bhíomar ann – an ‘California Avocado Festival’. Bhí an baile beag cois trá dubh le daoine, ag éisteacht le ceol beo agus ag ithe bia blasta.


Bhí brón orainn Carpenteria a fhágáil taobh thiar dúinn ach leanamar ar aghaidh ó dheas i dtreo Los Angeles.

Is idir Carpenteria agus Los Angeles a chonaiceamar an méid is mó tránna óra agus bhí na mílte surfers le feiceáil san fharraige freisin. Thiománamar thar líne campervans a bhí pairceáilte cois trá, agus lean an líne sin ar aghaidh ar feadh os cionn dhá mhíle, iad lán le surfers a gcónaíann chomh chóngarach do na tonnta is gur féidir leo.


Bhí bóthar an chósta ag éirigh níos gnóthaí ag teacht i ngiorracht le Los Angeles agus bhí an baile beag Malibu chomh gnóthach sin nach raibheamar in ann spás pairceála a aimsiú fiú. 

Ba í Santa Monica ár gceann scríbe agus deireadh ár dturas ar ‘Highway 1’. Is baile cois farraige é seo le hionad siamsaíochta ar an gcé mór ann. Tá an-chuid rollchóstóirí, siamsaíocht sráide agus bialanna ar an gcé. Tá trá ór anseo le luí faoin ngriain ann freisin. Áit ghnóthach í agus bíonn an cé dubh le daoine idir turasóirí agus daoine áitiúla araon.


Turas fíor álainn é an turas bóithre Highway 1, agus bhí an-chuid le feiceáil agus le déanamh ar an mbealach. Mholfaimis go láidir an turas seo a dhéanamh, is slí íontach í le stát California a fheiceáil.