An Chathair
Is cathair í Las Vegas i lár an dísirt sa stát Nevada. Tá sé lonnaithe daichead nóiméad ó theorainn California. Mar is eol do chách, tá clú ar an gcathair seo toisc go bhfuil sí gan mórán rialacha- is féidir tabhairt faoi geallghlacadóireacht anseo 24/7 sna céadta óstáin galánta atá ann; tá daoine in ann pósadh sna séipéil ann gan aon rud a eagrú roimhré, fiú má tá siad ar meisce; tá club nochta ar gach sráid; tá cead ag daoine tobac a chaitheamh taobh istigh de gach foirgneamh; glactar le daoine ag ól alcóil ag siúl timpeall na sráideanna (moltar é fiú!)
Is cinnte go bhfuil an leas-ainm ‘Sin City’ tuillte ag an gcathair seo, ach leis an saibhreas, soilsí agus spraoi ar fad atá le fáil ann, is áit an-tharraingteach, draíochtach í!
Na hÓstáin
Tá iliomad óstáin dochreidte le fáil ar phríomh shráid Las Vegas (The Strip). Is leis an comhlacht ostáin MGM roinnt ceann acu agus d’fhéadfá cúpla lá a chaitheamh faoi gheasa ag siúl tríd na hostáin seo a bhfuil téamaí faoi leith acu- New York New York le cathair bheag Nua Eabhrac tógtha taobh istigh; Luxor atá i gcruth pirimide; The Venetian le loch beag os a comhair agus turais gondola ar fáil ann; Excalibur atá tógtha i gcruth caisleán síscéil; The Bellagio le gairdín luibheolaíoch taobh istigh agus taispeántas uisce le feiceáil gach lá agus oíche taobh amuigh… Tá go leor óstán álainn eile ann chomh maith, agus iad ar fad lán le casinos, beáir, bialanna agus siopaí. An rud is fearr fúthú ná go bhfuil siad ar fad ar oscailt don phobail saor in aisce 24/7, agus is féidir le héinne siúl isteach iontu chun féachaint ar an áit, deoch a cheannach nó geall a chur ar chluiche éigin!
Ag Geallghlacadóireacht
Leis na mílte meaisín sliotáin, bóird Blackjack, rothanna rathúnais, cluichí leictreonacha agus cluichí cártaí, níl aon ghanntannas ar roghanna chun píosa geallghlacadóireacht a dhéanamh i Las Vegas. Ag brath ar an gcluichí, is féidir geall de 50c a chur síos nó geall mílliún dollar a ofráil! Tá go leor daoine ann a bhíonn sásta $10 a bhuachaint ar rud éigin, ach bíonn lucht an rachmais ag súil lena a gcluichí a fhágáil le cúpla míle dollar breise acu. Tá sé dochreidte bheith ag siúl timpeall agus súil a leagadh ar dhaoine atá ag cur geallta do $2000 ar an dath dubh i Blackjack, agus gan mórán áiféala orthu má chailleann siad.
A fhad is atá tú ag tabhairt faoi na cluichí seo a imirt, tugtar do rogha deochanna duit saor in aisce. Is cosúil gur cleas é seo sna hóstáin ar fad ionas go n-eireódh na himreoirí ar meisce; ansin fanfaidh siad ann le tamall níos faide agus stopfaidh siad ag déanamh cinnidh ciallmhaire ina gcuid geallghlacadóireachta!
Seónna – KA
Ó thaobh na siamsaíochta de, tá rogha leathan seónna agus taispeántais ar fáil in an-chuid de na hóstáin; ceolchoirmeacha le hamhránaithe cáiliúla, seónna grinn, seónna damhsa, taispeántais draíochta agus seónna Cirque de Soleil. Bíonn lascainí ar fáil ar na ticéid sna hóstáin an lá roimhré, agus bhí an tádh linn dhá thicéad a fháil ar chostas $60 an duine (a bhíonn $120 de ghnáth) don seó KA san óstán mór le rá, MGM. Ní raibh mórán eolais againn ar an saghas seó a bheadh i gceist seachas gur Cirque de Soleil a bheadh ann. Dhá uair an chloig níos déanaí thánamar amach ón amharchlann mhór faoi gheasa. Ón dearadh stáitse go dtí na cleasanna draíochta; an ceol go dtí an damhsa agus gleacaíocht den chéad scoth, na feistis ildaite go dtí an scéal álainn a bhí léirithe; chuir foireann KA taispeántas dochreidte ar fáil don lucht féachanna! Ní raibh an tam againn dul go seó eile faraor, agus caithfidh go bhfuil siad go léir ar ard-chaighdeán, ach má fhaigheann tú riamh deis dul go KA, tapaigh é- ní bheidh díomá ort!
Hoover Dam
Tá clú agus cáil ar an ngaisce innealtóireachta seo ar fud an domhan agus nuair a chonaic muid an dam don chéad uair, ba léir dúinn cén fáth. Tá an struchtúr féin chomh mór sin gur deacair a shamhlú gur daoine a thóg é. Tá an dam lonnaithe ar an teorann idir Arizona agus Nevada, 45 nóiméad tiomáint ó Las Vegas. Tógadh an dam ollmhór seo idir 1931 agus 1935 agus ba é an dam is mó ar domhan é nuair a tógadh é. Soláthraíonn an dam seo formhór de stáiteanna California agus Nevada le huisce – rud a thugann deis do na cathracha móra cosúil le Las Vegas, Los Angeles agus San Jose fás agus forbairt. Chabhraigh tógáil an dam seo go mór le muintir Mheiriceá ní amháin le cinnteacht sholáthar uisce a chothú ach le leictreachas a ghinneadh agus baol tuile a laghdú freisin.
Is leor siúil ar bharr an dam chun é a fheiceáil ach is féidir turas a dhéanamh freisin i gcomhair $15 le tuilleadh eolas a fháil faoi stair agus tógáil an struchtúir.