Le déanamh i… Los Angeles

Griffith Observatory

Tá an réadlann seo lonnaithe ar bharr chnoc in aice le Hollywood. Tá radharcanna iontacha den chathair le feiceáil ann agus is fiú cuairt a thabhairt ar an áit seo ag luí na gréine. Tá iarsmalann fíor shuimiúl sa réadlann a thugann eolas faoi réalteolaíocht.

Tá an áit seo ar oscailt go dtí a 10i.n gach lá agus is féidir féachaint tríd an teileascóp ollmhór ann i ndiaidh luí na gréine.

Costas: Saor in aisce

Comhartha Hollywood

Is é seo ceann de na comharthaí is cáiliúla ar domhan. Tá íomhá an chomhartha Hollywood feicthe ar an scáileán teilifíse ag cách ach is eispéireas faoi leith é an cnoc a dreapadh agus é a fheiceáil le do shúile féin, agus anuas ar sin, tá radharcanna iontacha ann de chathair LA.

Caithfear tiomaint go barr Beechwood Drive agus is siúlóid 30 nóiméad é go dtí an comhartha.

Costas: Saor in aisce


Universal Studios

Is é seo an áit a dhéantar taifead ar an cuid is mó de na cláracha teilifíse agus scannáin mór le rá.

Tógtar ar turas ar chart oscailte tú tríd an stiúideo agus na seiteanna ar fad.

Is féidir na seiteanna i gcomhair ‘Big Bang Theory’, ‘Friends’, ‘Gilmore Girls’ agus an-chuid cláracha eile a fheiceáil ann.

Rinneadh taifead ar phíosaí de an-chuid scannán ann – Batman, Superman, Harry Potter, Lord of the Rings agus a lán eile. Tá go leor earraí cuimhneacháin ar díol ann freisin.

Costas: $60 an duine do thuras trí uair an chloig


Beverly Hills

Is é seo an áit ina bhfuil cónaí ar na réaltaí móra le rá i Hollywood. Is féidir íoc as turas bus a thógfá go dtí tithe na réaltaí ar fad nó is féidir tiomáint timpeall an cheantair seo tú féin le breathnú ar na tithe ollmhóra agus an rachmas atá ann.

Costas: Saor in aisce

Santa Monica

Is baile cois farraige é seo le hionad siamsaíochta ar an gcé mór ann.

Tá an-chuid rollchóstóirí, siamsaíocht sráide agus bialanna ar an gcé. Tá trá ór anseo le luí faoin ngriain ann freisin.

Is é seo críoch (nó tús) leis an turas bóithre Route 66 agus tá comhartha ann chun é a mharcáil. Áit ghnóthach í agus bíonn an cé dubh le daoine idir turasóirí agus daoine áitiúla araon.

Costas: $10 – le páirceáil cois farraige



Walk of Fame

Tá na hainmneacha de na daoine cáiliúla ar fad curtha ar an gcosán seo ar shráid Hollywood. Is féidir siúil suas agus síos an sráid agus na hainmneacha a leanúint an tslí ar fad.

Costas: Saor in aisce