Chaitheamar cúpla lá ag tiomáint ar bhóthar an chósta ag dul i dtreo deisceart California. An chéad stop a bhí againn ar an mbealach ná Monterey Bay Aquarium, an áit ina bhfuil an scannán Finding Dory bunaithe air! Tá costas $40 ann chun pas lae a fháil agus slí deas atá ann chun cúpla uair an chloig a chaitheamh! Seo físeán den chuairt a thugamar air:
