Le déanamh i… Yosemite

Sa phóstáil deireanach, luamar an dúlra álainn agus na féidearthachtaí campála atá i bPáirc Náisiúnta Yosemite, ach an phríomh rud atá le déanamh ann ná do bhróga a chur ort agus dul amach ag siúl!


Tá os cionn 800 míle saghas trails agus siúlóidí éagsúla le déanamh timpeall na páirce, ag athrú i méid ó mhíle amháin go dtí 210 míle! Rinneamar cúig cheann acu:

Vernal & Nevada Falls

Is minic a dhéantar na trails seo mar dhá shiúlóid difriúil ach rinneamar le chéile iad. Is féidir siúl go tús an trail seo ó na hionaid champála i Yosemite Valley. Tá 12km i gceist san iomlán agus thóg sé dhá uair go leith orainn é a chríochnú, le sos lóin agus pointí pictiúir san áireamh. 


Tá an chéad 7km de ar fad suas cnoc, tá cúpla pointe an-ghéar ann ach den chuid is mó, siúlóid breá atá ann. Tagtar ar dhá eas sa siúlóid seo- Vernal agus Nevada, agus tá radharcanna áille ar fáil ón dara cheann acu ach go háirithe. Tar éis an tsamhraidh ar fad, ní bhíonn mórán brú sna heasanna seo toisc go mbíonn an t-uisce ar fad nach mór trimithe amach, ach deirtear go mbíonn na heasanna fiáin san Earrach agus sneachta an gheimhridh ag leá.


Taft Point agus Sentinel Dome

Arís, is féidir iad seo a dhéanamh ina n-aonair ach rinneamar lúp dóibh a bhí 11km i bhfad. Tiomáint 45nóiméad atá ann ó Yosemite Valley. 


Chuamar go Taft Point ar dtús. Siúlóid an-éasca, cothrom é seo tríd an gcoill. Tagann críoch tobann do na crainn ansin go spás oscailte, agus baineadh geit asainn bheith fágtha ag deireadh an trail ar imeall aillte ollmhóra le radharc den ghleann ar fad! Níl aon ráille nó geata ann agus is féidir suí díreach ar an imeall le do chosa ag luascadh 1000 troigh thar an talamh atá i bhfad thíos fút! 


Shiúlamar ar aghaidh ansin go trail an Sentinel Dome, atá níos deacra ná Taft Point toisc go mbíonn ort cnoc a dhreapadh píosa beag. Tá an 200m deireanach an-ghéar ar fad agus bhíomar as anáil ag teacht ar barr, ach b’fhiú go mór an streachailt don radharc a bhí ag fanacht orainn. Tá an Dome seo níos airde ná aon rud ina thimpeall agus é lonnaithe i lár sléibhte Sierra Nevada. Is féidir an-chuid den sliabhraon a fheiceáil anseo chomh maith le radharcanna dochreidte 360’c a fháil de gach rud atá thíos fút. 


Glacier Point

Glaotar hike ar seo ach i ndáirire níl ann ach ciliméadar siúl ón gcarrchlós. Tá an pointe seo suite 10nóiméad tiomáint ón Sentinel Dome. Cé nach bhfuil sé comh ard leis an Dome, is é seo an amhracphointe is cáiliúla i Yosemite agus is cinnte gur féidir rudaí iontacha a fheiceáil anseo. An t-aon locht a bhí againn air ná go mbíonn sé plódaithe le turasóirí toisc nach bhfuil gá mórán siúlóide a dhéanamh. Thaitin sé linn cinnte, ach ní raibheamar chomh buíoch don radharc sin is a bhíomar tar éis dreapadh go barr an Sentinel Dome.


Tá na céadta saghas siúlóidí éagsúla eile ann freisin, an John Muir Trail mar shampla atá 338km i bhfad, nó an Half-Dome atá 21km i bhfad, ach tá pas faoi leith ag teastáil chun dul i mbun na siúlóidí atá níos faide agus contúirtí. Ar an drochuair ní raibh go leor ama againn sa Pháirc Náisiúnta chun na cinn sin a thriáil, ach ba bhreá linn filleadh ar Yosemite lá éigin chun iad a dhéanamh!