Taifead Tapa – Highway 1, California

Físeán don trí lá iontach a chaitheamar ag tiomáint síos Highway 1- bóthar an chósta i California. Deirtear gurb é ceann de na turas bóthair is fearr ar domhan agus ní raibh sé deacair orainn é sin a thuiscint. Thiománamar ó San Francisco síos go Los Angeles agus an fharraige díreach in aice linn don bhealach ar fad. Stopamar cúpla uair i Monterey Bay, Carmel, Santa Barbara, Carpinteria, Ventura agus Santa Monica. Bhí os cionn 500 míle i gceist leis ach b’fhiú go mór é!