Deireadh Seachtaine Gaeltachta i San Francisco

Nuair a bheartaíomar go raibheamar chun blag taistil a scríobh as Gaeilge, sheolamar cúpla ríomhphost chuig eagraíochtaí Gaeilge sna tíortha éagsúla ina bheadh muid, ag fiosrú an mbeadh aon ocáidí faoi leith ar siúl acu a fhad is a bheadh muid sa cheantar. Mar thoradh as sin, fuaireamar cuireadh freastal ar an Deireadh Seachtaine Gaeltachta Bliaintiúil sa United Irish Cultural Centre i San Francisco, California, a bhí ar siúl ar an 23-25ú Meán Fómhair.

Osclaíodh an t-ionad i 1975 chun áit a chruthú do na hÉireannaigh ar fad a bhog go California, áit ina bheadh siad in ann an cultúr Gaelach a chleachtadh le chéile. Ó shin ar aghaidh, tá an t-ionad tar éis bheith mar phobail cheart dóibh siúd a bhog go Meiriceá, ach chomh maith leis sin freastalaíonn sé ar an iliomad Meiriceánaigh atá fonn orthu ceangal bheith acu le cultúr a sinsearaigh a tháining go dtí na Stáit Aontaithe na céadta bliain ó shin.

Bíonn ranganna Gaeilge ar siúl san ionad gach deireadh seachtaine agus bíonn seisiún ceoil ann gach seachtain freisin. Tiománann roinnt daoine os cionn uair an chloig gach seachtain chun páirt a ghlacadh in eachtraí an ionaid.


Is í Nikki Ragsdale a thug cuireadh dúinn teacht go dtí an Deireadh Seachtaine Gaeltachta, agus ise a eagraíonn an ocáid seo gach bliain le hocht mbliana déag anuas. Rugadh i gCalifornia í agus thosaigh sí ag foghlaim na Gaeilge don chéad uair sna hochtóidí. Níl aon ghaolta ag Nikki in Éirinn ach chuaigh sí ann ar thuras sna seachtóidí. Thug sí cuairt ar an gCeathrú Rua mar chuid den aistear sin agus mhínigh sí dom, 

“Nuair a chuala mé an Ghaeilge don chéad uair á labhairt i gceart, dúirt mé go gcaithfidh mé í a fhoghlaim.”

Agus í ar ais i gCalifornia, thosaigh sí ag foghlaim na teanga ó leabhair áirithe agus ar ball, ó shuíomhanna idirlíne. Chuir sí an-spéis sa cheol traidisiúnta agus amhránaíocht sean-nós freisin agus anois tá leabhar (The Light in the Storm) agus dlúthdhiosca (Seansaol na hAislinge) foilsithe aici. Ag labhairt le Nikki, ní chreidfeá riamh gur Meiriceánach í. Dhírigh sí ar chanúint Ulaidh a labhairt i gceart agus tá Gaeilge iomlán líofa aici idir í a labhairt agus a canadh.

Bhunaigh Nikki an Deireadh Seachtaine Gaeltachta na blianta ó shin mar bhí sí ag iarraidh deis a thabhairt do dhaoine cosúil léi teacht le chéile chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus í a chleachtadh i timpeallacht Ghaelach. Bíonn ranganna Gaeilge ar siúl don deireadh seachtaine ar fad, béilí blasta, agus seisiún ceoil sna hoícheanta. Ba é an t-ochtú mbliain déag den ocáid seo i mbliana agus bhí 53 duine (6 pháiste agus 47 duine fásta) ag freastal ar na himeachtaí thar an deireadh seachtaine. Bhí cúig rang Gaeilge ar siúl gach lá ón Aoine go dtí an Domhnach, bhí cheithre leibhéil Gaeilge éagsúil múinte iontu agus bhí rang amháin ann do na páistí freisin.

Bhaineamar fíor-shult as bheith ag siúil timpeall an ionaid agus ag éisteacht leis na Meiriceánaigh seo ag spalpadh Gaeilge. Labhair mé le Galt Barber, cláraitheoir ríomhaireachta a rugadh agus a chónaíonn i Los Angeles, California. Chuir sé suim sa cheol traidisiúnta na blianta ó shin agus thug sé faoi dheara nár thuig sé teidil na n-amhráin toisc go raibh siad scríofa as Gaeilge. B’shin an chéad uair a thuig sé go raibh an Ghaeilge mar theanga agus thaitin sí an méid sin leis gur thosaigh sé á foghlaim láithreach bonn. Léigh sé leathanach i ndiaidh leathanaigh de theachtaireachtaí ar an suíomh ‘Gaeilge-B’ agus rinne sé nótaí dó féin as sin. Thosaigh sé ag freastal ar an Deireadh Seachtaine Gaeltachta gach bliain agus ag déanamh cleachtaidh ar a chuid Gaeilge chomh minic is a bhí sé in ann agus anois is cainteoir líofa é Galt. Tá beirt mhac aige freisin agus níor labhair sé ach Gaeilge amháin leo ó gur rugadh iad. Bhuail mé leis an mac is sine atá aige, Conall, ag an ócáid. Tá sé aon bhliain déag d’aois agus díreach tosaithe ar Junior High. Tá Gaeilge níos fearr aige ná mar a bhíonn ag go leor daltaí céad bliana in Éirinn!

Mar mhúinteoir Gaeilge, bhí sé dochreidte dom freastal ar ocáid mar seo ina raibh an méid sin daoine fásta ag iarraidh a ndeireadh seachtaine a chaitheamh ag cur feabhais ar a gcuid Gaeilge, cé nár as Éire dóibh in aon chor. Tá an méid sin meas agus grá ag na daoine seo ar ár dteanga féin, agus tá a ndíograis agus paisean fíor-inspioráideach. Gan dabht, dá mbeadh leath den suim sin ag gach duine in Éirinn sa Ghaeilge, ní bheadh an teanga i mbaol riamh arís.

Ócáid den chéad scoth a bhíonn i gceist leis an Deireach Seachtaine Gaeltachta agus mholfainn go láidir d’aon Éireannach bualadh isteach chuig an United Irish Cultural Centre má tá siad riamh i San Francisco, ní bhfaighfear fáiltiú níos cáirdiúla in aon áit eile sa stát!