1) Tagann os cionn 60% den almonds ar domhan ó California toisc go bhfuil aeráid oiriúnach ann chomh maith le na mílte acra talaimh don earnáil. Is fadhb í uaireanta áfach toisc go n-usáideann an earnáil seo níos mó ná 10% de sholáthar uisce an stáit.
2) Seans nach firic nua é seo don chuid is mó daoibh ach bhí ionadh orainn é a fháil amach; tá níos mó ná 10,000 saghas fionchaora éagsúil ar domhan, ach ní thagann sú dearg ach ó cheithre chinn dóibh. Tá sú fionn ag formhór fionchaora, déantar fion dearg as craiceann na bhfionchaora dubha a chur isteach sa phroiséas ar feadh tamaill ionas go rithfidh an dath isteach sa leacht agus ansin athraíonn sé go fion dearg.
3) Baineann Firic fiona eile atá againn le comhámhar an fhion. Is minic a fheictear cur síos mar seo ar lipéid buidéil fiona; Sa fion seo gheobhaidh tú ‘ripe raspberry and cherry fruit flavours’ nó ‘hints of honeysuckle and jasmine mingle with flavours of crisp citrus fruits’. Leis an fhírinne a rá, ní bhíonn na torthaí nó fiú blas na dtorthaí seo curtha sa fion in aon chor. Na príomhrudaí a bhíonn curtha i bhfion ná fionchaora, uisce agus siúcra. Nuair a bíonn na hoibrí ag blasadh an fhíona den chéad uair, déanann siad liosta de na blasanna a fhaigheann siad on bhfion chun comparáid a dheanamh idir an bhfion agus blas eile. Anois an chéad uair eile a fheiceann tú buidéal fion le ‘blas sú talúin’, beidh a fhios agat nach raibh siad curtha isteach ann in aon chor!
4) Bíonn ceithre lána ar an dá thaobh de na motorbhealaí i gCalifornia. Tá an lána ar an taobh istigh ar fáil do triúr nó níos mó paisinéirí atá ag déanamh carpool le chéile chun taistil chuig an obair. An aidhm atá i gceist leis sin ná chun an méid gluasiteáin ar na bóithre a laghdú, rud atá níos fearr don timpeallacht. Bíonn na tiománaithe sásta carpool a dhéanamh freisin toisc gur féidir leo tiomáint sa lána is tapúla leis an méid is lú tráchta.
5) Ainmníodh an Golden Gate Bridge de bharr an uisce atá faoi, an Golden Gate Straight. Tá dath rua ar an droichead agus uaireanta sa ghrian bíonn cuma óir air, ach ní bhaineann dath an droichead leis an ainm in aon chor.
6) Ba phriosún é Oileán Alcatraz, atá anois mar cheann de na suíomhanna turasóireachta is mó i gCalifornia. Seoladh na priosúnaigh is contúirtí sa tír anseo. Dá mbeadh priosúnach ag cothú fadhbanna i bpríosún stáite, bogadh go Alcatraz iad. D’fheidhmigh sé mar phriosún le 29 bliain agus le linn an tréimhse sin, bhí 1576 de na priosúnaigh is dáinséirí sna Stáit Aontaithe i ngéibheann ann. Dúnmharaíodh 8 priosúnaigh agus beirt gardaí le linn an tréimhse sin.
Tharla briseadh amach cáiliúil ann ar an 11 Bealtaine 1963 nuair a d’éalaigh triúr priosúnaigh. Tar éis bliana oibre a dhéanamh faoi rún, chaill siad meachan, dhreap siad amach tri vent ina gcille agus suas an vent shaft, amach ar an díon. Níor ghabhadh orthu agus ní raibh siad feicthe ag aon duine riamh arís.
Tá an t-oileán suite 2km ón mórthír ach tá an t-uisce eatarthu nimhneach fuar agus tá go leor currents láidir, contúirteach ann freisin, agus mar sin tá sé indéanta snámh ó cheann amháin go dtí an ceann eile.
7) Tá sé de nós ag na Meirceánaigh cathracha beaga a ainmniú mar phríomhchathair gach stát. Mar shampla i gCalifornia, is é San Francisco an chathair is gnóthaí agus is cáiliúla, ach is é Sacramento príomhchathair an stáit. I stát Nua Eabhrac, tá gach duine ar domhan in ann Manhattan agus cathair Nua Eabhraic a ainmniú, ach is é Albany príomhchathair an stáit! Is cosúil go ndéantar é seo toisc go mbíonn ag eirí go maith leis na cathracha móra ar aon nós agus is maith leis na stáit aitheantas agus gnó a thabhairt do chathracha atá níos lú agus sin an fáth go roghnaíonn siad iad mar phríomhchathair.
8) Maireann gnáth-lá oibre i San Francisco ó 7r.n-5i.n ach tá an córas ‘flexi-hours’ i bhfeidhm in an-chuid comhlachtaí. Is féidir le na fostaithe obair bhreise a dhéanamh agus na huaireanta sin a úsáid am éigin eile. Is minic a fheictear líne fada tráchta ar mhotorbhealaí ag fágáil na cathrach timpeall 3i.n ar an Deardaoin, toisc go mbíonn an méid sin daoine ag tógáil deireadh seachtaine fada tar éis na hoibre thar-ama a rinne siad roimhré.