Stanley Park
Is páirc álainn í Stanley Park atá lonnaithe i gcroí lár na cathrach. Is fiú go mór siúil nó dul ar rothar timpeall imeall na páirce agus taobh na farraige. Tá linn snámha faoin aer ann freisin a bhíonn ar oscailt i rith an tSamhraidh. Tá radharcanna álainn den chathair le feiceáil ann agus go leor eachtraí eile ar fáil ann freisin.
Costas rothar a fháil ar cíos: $10 an uair. Costas ar linn snámha: $5. Costas ar Pitch & Putt: $13
Downtown Vancouver
Is fiú cuairt a thabhairt chuig príomhshráideanna ‘Downtown’ Vancouver. Tá go leor le feiceáil ar shráideanna Granville, Robson agus Georgia – idir siopaí, bialanna, beáranna agus go leor eile!
Is féidir cuairt a thanhairt ar an ‘Vancouver Lookout’.
Is túr ard í seo atá lonnaithe ar shráid Hastings. Is féidir radharcanna 360′ den chathair a fháil anseo. Ar lá maith is féidir chomh fada le sliabh Baker sna Stáit Aontaithe a fheiceáil.
Costas: $16 – duine fásta, $11 – mac léinn
The Grouse Grind
Is siúlóid sléibhe crua é seo. Úsáideann muintir na háite an sliabh seo mar gym faoin aeir. Dreapann tú 1200m san iomlán (níos airde ná Carrantouhill) go barr na sléibhe, áit a bhfuil tearmann béar, bialanna agus teach tabhairne ann.
Faightear an Gondala anuas ón sliabh ar chostas $10.
Turas go Whistler
Is féidir bus fillte a fháil go Whistler ó Downtown Vancouver.
Tá an-chuid eachtraí éagsúil le déanamh anseo , gach séasúr den bhliain.
Sa Gheimhreadh is ionad sciála é agus um Shamhraidh is féidir do rothar a thógáil aníos ar an Gondola agus rothaíocht sléibhe a dhéanamh ar an sliabh chéanna!
Bhí na Cluichí Oilimpeacha Gheimhridh ar siúil anseo i 2010 agus is féidir cuairt a thabhairt ar bhaile na hOilimpeacha a tógadh don ócáid.
Costas bus fillte go Whistler: $35
Horseshoe Bay
Is baile bheag í seo lonnaithe ar an gcósta, 20 nóiméad ó Downtown Vancouver. Is féidir luasbhád a fháil ar cíos anseo agus dul ag taiscéaladh timpeall an chuain agus na hoileáin.
Costas luasbhád: $70/uair le haghaidh ceathrar