Cuairt chuig Cnoic Bá Ná

Tá domhan dochreidte cruthaithe i gcnoic Bá Ná in aice le Da Nang. Bhíodh an baile in úsáid ag coilínigh ón bhFrainc (French colonists) mar ionad saoire sna 1920í- bhí sé de nós acu éalú chuig na cnoic seo chun faoiseamh a fháil ó theas an tsamhraidh. Anois tá an áit mar pháirc siamsaíochta sna cnoic agus caithfear carr cábla a fháil go barr sléibhe chun an áit a shroicheadh!

Tá foirgnimh ollmhóra tógtha ann agus gach ceann acu cosúil le caisleán. Tá cearnóg mhór i lár na páirce seo agus bíonn siamsaíocht ar siúl ann don lá ar fad, idir amhránaithe, rinceoirí agus ceoltóirí ag déanamh taispeántais.

 

img_7302

Droichead 150m is ea an ‘Golden Bridge’ sna cnoic Bá Ná. Tá an droichead tacaithe (supported) ag lámha ollmhóra déanta de choincréit. Is féidir siúl thar an droichead agus sult a bhaint as na radhairc den dufair (nó scamaill!) fút.

Tá an áit seo ar nós Disneyland beag i ndáiríre, agus caitear an lá anseo ag siúl tríd na sráideanna bréagacha, ag dul ar mharcaíocht siamsaíochta, ag ithe sna bialanna agus ar an iomlán, ag baint sult as atmaisféir na háite.

img_7311