Le Déanamh i… Hội An

Is seanbhaile é Hoi An, atá suite ar an gcósta i lár Vítneam. Bhíodh sé mar chuan mór fadó, agus tá seanaois an bhaile soiléir ó na seanfhoirgnimh ghleoite a líonann na sráideanna. Tá cosc ar ghluaisteáin sa bhaile chun an áit a chaomhnú agus a chosaint agus is gá siúl nó rothaíocht timpeall an bhaile chun an áit álainn seo a fheiceáil. Chaitheamar seachtain i mbaile Hoi An agus is é ceann de na háiteanna is fearr linn ina rabhamar riamh.

 

Laindéir Shíoda

Tá cáil ar bhaile Hoi An do na laindéir shíoda (silk lanterns) ar fad atá ar díol ann. Bíonn na mílte laindéir lasta ag an margadh i lár an bhaile gach oíche agus is féidir le turasóirí iad a cheannach ar chostas €3-€10.

 

Turas Báid

Tarlaíonn Féile Laindéarléis (Lantern Light Festival) uair sa mhí i mbaile Hoi An nuair a bhíonn an ghealach lán. Is féidir le turasóirí coinnle a cheannach agus iad a chur ar snámh (floating) ar an abhainn ó bháid bheaga. Tá an nós seo ceangailte leis an mBúdachas, agus is nós an áidh é do dhaoine áitiúla laindéarléas a chrochadh taobh amuigh den teach.

 

Bialanna

Tá an-chuid bialanna ar fáil timpeall an bhaile agus ardchaighdeán bia le fáil iontu. D’aimsíomar dhá cheann a thaitin go mór linn; The Claypot – áit ina bhfuil gach béile lámhdhéanta, agus Morning Glory – suite cois abhainn, is áit í seo a dhéanann béilí traidisiúnta le snas difriúil. Tá na curaithe fíor-bhlasta sna bialanna seo agus d’fhilleamar ar an dá cheann acu faoi dhó.

 

Ceird

Tá cáil ar Hoi An ar fud an domhain as ceird amháin faoi leith – an táilliúireacht (tailoring). Tá siopaí táilliúra suite ar gach uile sráid i Hoi An agus mealltar an-chuid turasóirí chuig an mbaile mar gheall air seo. Is féidir dul isteach go siopa agus éadaí a fháil lámhdhéanta duit laistigh de chúpla lá. Tá leabhair ag na táilliúir le pictiúir de stíleanna difriúla iontu, agus is féidir leis an gcustaiméir éadaí a roghnú as sin, nó pictiúr de bhall éadaigh faoi leith a thaispeáint do oibrithe an tsiopa. Tógtar do chuid miosúr agus roghnaíonn tú ábhar (material) ansin don bhall éadaigh- tá na mílte samplaí de ábhar ann le patrúin éagsúla orthu! Is féidir cultacha (suits) agus gúnaí deasa a fháil déanta ar ardchaighdeán – ach ar chostas an-íseal.

Ceird eile atá le feiceáil ar gach sráid i Hoi An ná an tsuathaireacht (massage). Is féidir siúl isteach go teach suathaireachta ar bith gan choinne agus suathaireacht dhroim nó chos a fháil ar phraghas an-saor ar fad.

The 7 best tailors of Hoi An | Hoi an tailor, Hoi an, Beautiful ...

 

Trá An Bang

Tá an trá deas seo suite cúig chiliméadair ó bhaile Hoi An. Is féidir tacsaí a fháil ann – nó dul ann ar rothar! Tá gaineamh deas bán ann agus is féidir dul ar siúlóid fada cois farraige. Tá cúpla bialann faoin aer suite ar an trá, chomh maith le dhá chlub trá. Má tá cúpla lá breise agat i Hoi An, is áit shuaimhneach í seo le lá a chaitheamh ag sú na gréine.


Hai Van Pass

Bóthar is ea an Hai Van Pass a théann ó Danang go Hué. Tá an bóthar seo 22km i bhfad agus tá cáil air toisc go bhfuil an fharraige ar taobh amháin de agus dufair (jungle) ar an taobh eile. Beartaíonn an-chuid turasóirí gluaisrothair (motorbikes) a fháil ar cíos chun taisteal ar an mbóthar seo ó Hoi An agus sult a bhaint as na radhairc iontacha.