Le Déanamh i… Hong Cong

Is tír an-bheag í Hong Cong (thart ar an méid chéanna le Contae an Longfoirt) ach tá cónaí ar 7.4 milliún duine inti!

Is cathair an-gnóthach í mar sin, agus tá níos mó ilstóraigh spéire (skyscrapers) anseo ná aon áit eile ar domhan.

Buddha Tian Tan

Is suíomh turasóireachta mór le rá é an Buddha Tian Tan i Hong Cong. Tá sé suite ar chnoc ard agus is féidir an áit a shroicheadh ar charr cábla darb ainm Ngong Ping 360. Tá an dealbh seo 34m ar airde, agus tá radharc deas den cheantar ar fáil ón bpointe seo. Tá teampall álainn tógtha ar an suíomh freisin agus tá roinnt siopaí agus bialanna in aice leis.

Margaidh Temple Street

Tá margadh oíche Temple St lonnaithe i lár Hong Cong agus tá gach saghas earra ar díol ann. Tá na praghasanna an-íseal ar fad agus is féidir roinnt margála (bargaining) a dhéanamh le na siopadóirí (shopkeepers) ann freisin!

Avenue of Stars

Is promanáid í ‘Avenue of Stars’ in aice le Cuan Hong Cong. Tá ainmneacha aisteoirí agus stiúrthóirí ón tír le feiceáil ar na ballaí ann. Bíonn taispeántas soilse ar siúl ón bpointe seo gach oíche darb ainm ‘Symphony of Lights’ agus is féidir na soilse a fheiceáil agus iad ag preabadh leis an gceol ar na foirgnimh trasna an chuain. Is é seo an taispeántas soilse is mó ar domhan!

Times Square

Cé go bhfuil cáil ar Nua Eabhrac as a Times Square, tá ceann eile lonnaithe i gcathair Hong Cong. Tá an cearnóg timpeallaithe ag siopaí agus ionaid siopadóireachta agus bíonn an áit dubh le daoine ó mhaidin go hoíche.