Le Déanamh i… Kathmandu

Is í Kathmandu príomhchathair Neipeal agus tá sí lán le beocht dathanna agus daoine. Tá cónaí ar os cionn 1 milliún duine ann agus dar ndóigh tá cáil ar an áit mar is í an chathair is congraí chuig an sliabh is airde ar domhan- Sliabh Everest.

Eitilt Everest

Is féidir dul ar eitleán timpeall Everest ó aerphort Kathmandu ar chostas €100 nó mar sin. Is bealach faoi leith é seo le radharc Everest a fháil. Déantar an tsliabh a thimpeallú agus tugtar suíochán fuinneoga do gach paisinéir chomh maith maith le gloine champagne chun cur leis an eispéireas!

Monkey Temple

Tá neart teampaill agus margaidh le feiceáil sa chathair ach ceann ar a bhfuil mórcháil air ná Monkey Temple. Is suíomh turasóireachta an-ghnóthach é an teampall seo, atá lonnaithe ar bharr cnoic agus tá radharc maith de chathair Kathmandu le fáil ann. Is é Swayambhunath fíor ainm na háite ach tugtar Monkey Temple air mar gheall ar na céadta moncaithe a bhíonn ag súgradh agus ag poc léimt timpeall an tsuíomh. Tá an teampall maisithe le bratacha ildaite agus tá cuma an-deas air.

Ceantar Thamel

Tá ceantar i lár na cathrach darbh ainm ‘Thamel’ atá leagtha amach i gcomhair coisithe amháin. Tá na sráideanna cúng, beomhar agus gleoite agus tá go leor áiteanna ann le hearraí áitiúla a cheannach nó bia blasta a thriail!

Dream Gardens

Is gáirdíní iad seo i lár na bhfoirgnimh ar fad i Kathmandu. Áit chiúin agus suaimhneach atá inti i gcodarsnacht leis an rírá den chathair. Is féidir dul ann ar chostas €2 agus lá a chaitheamh ag siúl timpeall nó ag léamh leabhair ar bhinse nó ar an bhféar.