Le Déanamh i… Gili Trawangan

Is oileán beag é Gili Trawangan (‘Gili T’ mar a ghlaonn muintir na háite air) atá suite gar do Bali, san Indinéis. Is féidir an t-oileán a shroicint trí bhád dhá uair an chloig a fháil ó oileán Bali. Áit fíor álainn atá i gceist agus seo roinnt de na himeachtaí gur féidir tabhairt faoi agus tú ann…

Rothaíocht Timpeall an Oileáin
An mhodh taisteal atá ar an oileán ná rothair agus capaill le cairt; níl aon ghluaisteáin le fáil ann. Tá bóthar garbh ann a théann timpeall an oileáin, agus is féidir rothair a fháil ar cíos chun dul ina thimpeall. Turas 7km atá i gceist agus bíonn tú ag rothaíocht cois farraige don turas ar fad. Tá go leor bialanna agus caiféanna ar na tránna difriúla agus d’fhéadfá an lá a chaitheamh ag rothaíocht ó áit go háit.

img_2031

Luí na Gréine
Tá clú agus cáil ar an taobh iarthar de Gili T toisc go mbíonn luí na gréine álainn le feiceáil ann gach oíche. Tá go leor bialanna ar an trá le luascáin acu san fharraige agus is féidir leat dul ag marcaíocht capaill ar an trá ann freisin. Mar gheall ar na rudaí sin, téann an-chuid daoine ann gach oíche chun grianghraif agus féinphiceanna a fháil dóibh féin agus an ghrian ag dul ina luí taobh thiar dóibh.

Eachtraí Uisce & Ióga
Tá go leor turais báid ar fáil ón oileán a théann go háiteanna difriúla chun tumadóireacht a dhéanamh. Anuas ar sin is féidir boird SUP agus surfála a fháil amach ar cíos ar an oileán, nó masc snorcláil a fháil chun dul ag lorg éisc éagsúla san fharraige.
Bíonn an-tóir ar ióga ar Gili T freisin agus bíonn go leor ranganna ar fáil gach lá timpeall an oileáin bheag. Is féidir ranganna áirithe a dhéanamh ar an trá, ar luascáin nó fiú ar bhord SUP ar an bhfarraige!

img_0619


Cúrsa Cócaireachta
Tá scoil cócaireachta iontach suite ar Gili T darbh ainm ‘Sweet & Spicy’. Caithfidh tú an rang a chur in áirithe lá roimhré agus bíonn spás le haghaidh deichniúr sa rang. Maireann sé 3 uair an chloig agus le cabhair agus treoracha ón gCócaire, déanann tú seacht mbéile Indinéisis éagsúla. Bíonn an-spraoi i gceist leis agus itheann tú gach béile nuair a bhíonn sé críochnaithe agat! Nuair a bhíonn an rang thart, tugtar na hoidis ar fad duit ionas gur féidir leat iad a dhéanamh agus tú ar ais sa bhaile! Costas: €30

img_0571