Thean Hou Temple
Is teampaill álainn é seo atá suite ar imeall na cathrach. Bhí sé tógtha in ómos do Mazu; Bandia na Mara ón tSín. Is áit chráfach í agus feictear roinnt daoine áitiúla ann ag lasadh túise (incense) agus déanamh onórú di. Tá an foirgneamh lán le dathanna agus tá ardmholadh tuilte ag ailtireacht an teampaill.
Tacsaí Ann: 15 Ringgit (timpeall €3.50)
Cead Isteach: Saor in aisce
Sentral Market
Is margadh siopadóireachta áitiúil é seo. Is féidir go leor earraí a cheannach ann ar phraghasanna ísle ar nós málaí, bróga, potaí agus seodra. Tá cúinne ealaíne ann chomh maith le go leor pictiúir agus taipéis ar díol ag na healaíontóirí.
Cead Isteach: Saor in aisce
Petronas Towers & Park KLCC
Tá na Petronas Twin Towers lonnaithe i lár cathair Kuala Lumpur agus is foirgnimh mór le rá iad ar fud an domhain.
Tógadh na túir sa bhliain 1996 agus ba hiad na foirgnimh is airde ar domhan go dtí 2004.
Is iad na twin towers is airde ar domhan go fóill áfach. Tá 88 úrlár ann san iomlán!
Tá ionad siopadóireachta lonnaithe sna céad 6 úrlár den fhoirgneamh agus tá na brandaí móra siopaí ar fad ar fáil anseo.
Taobh thiar de na Túir Petronas tá páirc ghleoite ann gur féidir dul ar siúlóid ann nó do scíth a ligint cois locha.
Tá raon reatha ann do lúthcleasaí agus linn snámha do pháistí. Nuair a éiríonn sé dorcha istoíche bíonn seó solasuisce ann sa loch.
Cead Isteach: Saor in aisce
Sky Bar
Tá an Sky Bar suite ar barr an óstáin ‘Traders’, ar úrlar 33! Tá sé lonnaithe trasna ó na Petronas Towers agus tá radharc iontach ar fáil daoibh agus de chathair Kuala Lumpur. Tá linn snámha agus bialann ann chomh maith agus bíonn Happy Hour ar siúl sa bheár ann ó 5-9 gach lá.
Cead Isteach: Saor in aisce- ach is fiú teachtaireacht a sheoladh chuig a leathanch Facebook roimhré chun bord a chur in áirithe.