Canáil Phanama
Tá clú agus cáil ar an gcanáil seo ar fud an domhain agus ní haon ionadh é. Ceanglaíonn an canáil lámh-déanta seo an dá aigéin móra lena chéile- an tAtlantach agus An tAigéan Ciúin. Tógadh an canáil sna 30idí agus ba é ceann de na tionscnamh tógála is mó ar domhan ag an am. Taistilíonn longa ollmhóra le na céadta tonaí lastas tríd an gcanáil gach lá.
Tá ionad cuairteoirí ann a thugann eolas duit faoi stair agus tógáil an chanáil. Is féidir na longa a fheiceáil ag taisteal tríd na loic ón mbalcóin ar an 4ú urlár den ionad cuairteoirí, agus radharc dochreidte atá ann. Éacht innealtóireachta amach is amach is ea an canáil, a chuireann go mór le trádáil idirnáisiúnta an domhain, agus is gá é fheiceáil má tá tú riamh i gCathair Phanama!
Albrook Mall
Ó thaobh cúrsaí siopadóireachta de, is gá cuairt a thabhairt ar Albrook Mall, atá lonnaithe 5 nóiméad sa charr ón gcanáil. Is é seo an ionad siopadóireachta is mó ar domhan taobh amuigh den Áis! Tá os cionn 700 siopaí anseo agus tá sé beagnach 1.5km i bhfad. Tá siopaí de gach saghas ann chomh maith le go leor bialanna, caiféanna agus pictiúrlann. Má tá fonn ort cúpla pingin a chaitheamh, is féidir go leor dochar a dhéanamh do do sparán san áit seo!
Casco Viejo
Ar thaobh eile na cathrach, thugamar cuairt ar Casco Viejo- is é seo an sean-bhaile den chathair. Tá go leor sean-fhoirgnimh agus fothraigh sa cheantar seo atá an-ghleoite. Tá Casco Viejo suite cois farraige agus tá radharcanna iontacha le fáil ann den chathair agus na foirgnimh móra arda ar fad atá inti. Tá go leor bialanna deasa timpeall na háite agus tá margadh beag ann freisin ina ndíolann daoine áitiúla a gcuid ceirde.