Oileáin Phanama

Bocas del Toro
Is grúpa oileán iad Bocas del Toro atá lonnaithe i dtuaisceart Panama. Téann go leor daoine anseo amháin i lár-Meiriceá ar saoire coicíse chun a scíth a ligint ar na tránna áille ann. Is féidir fanacht ar oileán amháin agus bád a fháil go hoileán difriúil gach lá mar thuras lae, nó is féidir bogadh timpeall agus lóistín a fháil i gcúpla áit éagsúil.



Isla Colon

Is é seo an phríomh oileán i Bocas agus tá go leor siopaí, bialanna agus áiteanna lóistíne anseo. Baile an réchúiseach atá ann. Tá roinnt de na hóstáin agus brúnna óige suite díreach ar an uisce agus is féidir léimt isteach san fharraige ón deck i gcuid acu! Tá go leor áiteanna gar do Bocas atá ar fheabhas don tonnmharcaíocht agus is féidir turais a eagrú chucu ón mbaile. Nó má tá spéis agat níos mó den áit a fheiceáil d’fhéadfá rothar a fháil ar cíos don lá nó turas lae a dhéanamh go hoileán eile ar bhád.



Isla Solarte – Bambuda Lodge

Is oileán bheag í seo ach áit álainn atá inti. D’fhanamar sa bhrú óige ‘Bambuda Lodge’ agus ba é an lóistín is deise a bhí againn d’ár dturas ar fad! Níl aon bhóthar ann agus tá ort bád a fháil díreach chuig an mbrú, atá suite cois farraige, le dufar ar an taobh eile de. Tá iliomad imeachtaí gur féidir tabhairt faoi anseo- caighceáil, snorcalú, SUPing, yoga, siúlóidí sa dufar srl… Tá linn snámha deas ann agus go leor áiteanna cómpórdacha chun luí faoin ngrian agus tú ag féachaint amach ar an bhfarraige. Ceann de na rudaí is fearr faoin áit seo ná go bhfuil sleamhnán uisce fada ann a théann ó bharr an bhrú síos chuig an bhfarraige- craic iontach atá ann! Ó thaobh cursaí bia de, níl aon rogha agat ach ithe sa bhrú toisc nach bhfuil tú in ann siúl go haon siopa nó bialann ón áit- ach is cuma sin! Tá na cócairí anseo lán le tallainne agus bhí gach uile bhéile a d’itheamar ann dochreidte blasta! Gach lá cuirtear biachlár éagsúil suas ar chlár le ceithre rogha air. Cuireann tú d’ordú isteach agus ag 7.30i.n gach oíche, itheann na haíonna ar fad a ndinéir le chéile. Áit an-shoisialta atá ann sa slí sin agus is bealach an-dheas é le haithne a chur ar thurasóirí eile. D’fhanamar anseo le ceithre lá- gan an áit a fhágáil in aon chor- agus fós bhí brón orainn ag imeacht! Is tearmann den chéad scoth é Bambuda Lodge ar an oileán bheag seo agus déanfaimid ár ndícheall filleadh uirthi arís!