Réamhrá do Pháirc Náisiúnta Yosemite

Réamhrá 
Is páirc náisiúnta í Yosemite atá lonnaithe i dtuaisceart California. Tá an pháirc 3027km2 san iomlán agus is í an páirc is gnóthaí sa stát, le breis is 4.2 milliún turasóirí ag tabhairt cuairte uirthi gach bliain. Tá clú agus cáil ar Yosemite mar gheall ar an áilleacht nádurtha atá le fáil ann.


Tá turas tiomána ceithre uair an chloig i gceist chun dul ann ó San Francisco agus tógann sé 3-4 uair an chloig chun tiomáint ó thaobh amháin den pháirc chuig an taobh eile. 

Tá ar gach duine táille iontrála $15 a íoc ag geataí na páirce agus maireann an pas sin le haghaidh seachtaine. 


Lán le Dúlra

Tá radharcanna dochreidte le fáil gach nóiméad ag tiomáint tríd Yosemite, lán le dúlra agus ainmhí.


 Is minic a rithfidh iora nó chipmunk amach os do comhair nó thiománfá thar clann fianna cois bóithre. Tá comharthaí rabhaidh le feiceáil gach cúpla ciliméadar freisin le pictiúr béir orthu- mar a bhíonn comharthaí againn sa bhaile in áiteanna a bhíonn bólacht ag trasnú. Deirtear go gcónaíonn idir 300-500 béar sa pháirc agus caithfear bheith an-chúramach gan bia a fhágáil i do charr nó puball mar is minic a dhéanann siad scrios orthu ag lorg bia! 


Rinneamar ár ndícheall súil a leagadh ar bhéar ach d’fhan siad ar fad i bhfolach uainn! Anuas ar na béir, tá leonta sléibhe, coyotes, nathracha, porcupine agus go leor ainmnhí beag eile nach bhfuil againn in Éirinn. 

Na Láithreáin Champála

Tá 13 láithreán campála scaipthe  thar Yosemite, ach is cosúil go ndíolann na suíomhanna amach suas le bliain roimhré. Tá cúpla suíomh an-bhunúsach ann lonnaithe thuas sna sléibhte ag 10,000 troigh in airde, ar chostas $12 an suímh. Eiríonn siad an-fhuar san oíche agus níl i gceist leo ach spás sna coillte chun do phuball a thógáil, níl foinse uisce i gcuid acu fiú! Tá na hionaid thíos i Yosemite Valley níos teo agus níos deise don ghnáth turasóir ach tá costas $26 ar shuíomh don oíche. 


Tá bord picnic, bosca béir- chun do bhia a chosaint, sconna beag agus poll tine ar gach suíomh, le cúpla seomra folctha ar fáil timpeall an ionaid. Dár ndóigh níl leictreachas ná wifi ná aon rud mar sin ar fáil sna hionaid champála ach is cuid deas den eispéireas é sin. Caithfear bheith ciúin ó 10i.n ar aghaidh agus bíonn gach duine éirithe de ghnáth roimh 7r.n; is leis an mochóirí an lá i Yosemite!