Turas go Lake Tahoe

Le himlíne 114km, is é Lake Tahoe an loch alpaigh is mó i dtuaisceart Meiriceá agus an dara loch is doimhne sna Stáit Aontaithe. Tá sé lonnaithe i sliabhraon an Sierra Nevada, ceithre uair an chloig tiomáint ó San Francisco. Tá atmaisféar réchúiseach ann agus is léir gur baile saoire é. Thar rud ar bith eile is áit fíor álainn í Lake Tahoe, an loch féin timpeallaithe ag trá órga agus sléibhte arda.


Freastalaíonn an áit seo ar an-chuid mianta turasóra agus tá an-chuid le déanamh ann. Sa gheimhreadh, is ionad sciála é agus i rith an tsamhraidh is áit í le luí ar an trá nó dul ag dreapadóireacht sléibhte.

Lóistín

Tá go leor rogha agat don chineál lóistín atá uait. Tá cúpla ionad campálá ann, nó motels agus tithí ósta don duine atá ag cloí le buiséad.

Tá tithe beaga nó botháin beaga ann freisin gur féidir a fháil ar cíos, nó má tá saol galánta uait tá cúpla óstán ann freisin le fanacht iontu.

Gníomhaíochtaí

Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Emerald Bay atá 20 nóiméad sa charr ó South Lake Tahoe. Tá an caisleán Vikingsholm le feiceáil anseo agus tá dhá shiúlóid éagsúla le déanamh ón loch. Anuas ar sin, is féidir cadhc a fháil ar cíos chun dul amach go Fanette Island- an t-aon oileán le fáil i Lake Tahoe, agus taiscéalaíocht a dhéanamh ar. Tá sean ‘teach tae’ ar an oileán freisin a bhí tógtha do bhean shaibhir sna 20í.


Tá an-chuid siúlóidí sléibhte le déanamh timpeall Lake Tahoe; mholfadh muid an siúlóid Cascade Falls a dhéanamh, áit a bhfuil radharcanna iontacha den loch agus eas le feiceáil ann.

Tá go leor gníomhaíochtaí gur féidir tabhairt faoi ar an loch féin – SUPing, turas báid fartha, cadhcáil, seoltóireacht nó d’fhéadfá bád nó jet-ski a fháil ar cíos. (Agus mar a luamar, nuair a thagann sneachta sa gheimreadh- is ionad sciála é.)


Tá an baile lonnaithe díreach ar an teorainn stáit idir California agus Nevada. Tá limistéar an teorainn seo thar a bheith soiléir mar a luaithe is a thrasnaíonn tú an bóthar go dtí Nevada, tá óstáin arda le feiceáil ann le Casinos iontu.

Freastalaíonn Lake Tahoe orthu siúd atá ag iarraidh a scíth a ligean ag luí faoin ngriain agus iad siúd atá ag iarraidh gníomhaíochtaí a dhéanamh taobh amuigh. Is leor cúpla lá a chaitheamh anseo le gach rud a fheiceáil ann ach is áit í cinnte a d’fhillfimis uirthi.