Le Déanamh i… Ho Chi Minh

Is é ‘Saigon’ seanainm na cathrach seo, ath-ainmníodh (renamed) an chathair i gcuimhne ar an iar-Uachtarán, Ho Chi Minh sa bhliain 1976.

The War Remnants Museum

Is ionad dochreidte é an iarsmalann seo i gcathair Ho Chi Minh. Tá an-chuid eolais ar fáil ann faoin méid a tharla i Vítneam i rith an chogaidh. Scéal uafáis atá ann agus tá stair an-bhrónach ag an tír. Molaimid bheith ullmhaithe don áit má tá tú chun cuairt a thabhairt ar an iarsmalann mar is iomaí pictiúr grafaic atá ann den chogadh agus de shaoránaigh atá gortaithe nó marbh. Is fiú go mór é chun dul ann ar ndóigh mar tugann sé tuiscint duit ar stair na tíre agus an cogadh.

Anuas ar an taispeántas eolas faoin gcogadh atá san fhoirgneamh, tá an-chuid fearas míleata le feiceáil taobh amuigh sa phlásóg. Tá idir tancanna móra, héileacaptair, eitleáin agus gunnaí de gach saghas le feiceáil ann. Is fearas Meiriceánaigh é den chuid is mó.

 

Cu Chi Tunnels

Bhí troid fhíochmhar i nDeisceart Vítneam i rith an chogaidh. Rinne trúpaí Meiriceánaigh an-chuid ionsaithe ón aer agus leagadh an-chuid buamaí ar mhuintir na tíre. Tógadh an chuid tolláin (tunnels) sa cheantar le linn an chogaidh. D’úsáid daoine iad seo le dul faoi cheilt faoin talamh ó na ionsaithe aer.  D’úsáid fórsaí armtha an Viet Kong iad freisin mar uirlis troda. Bhí na saighdiúirí in ann taisteal fud fad na tíre faoin talamh agus gan iad a bheith feicthe ag a naimhde.

img_7498

Is suíomh turasóireachta iad na tolláin Cu Chi anois agus is féidir dul ar cuairt ann ó Ho Chi Minh. Is féidir leat cromadh síos agus teannadh (squeeze) trí na tolláin lámhdhéanta a úsáideadh fadó i rith an chogaidh. Tá na tolláin cúng agus dorcha agus tá sé beagáinín scanrúil bheith ag teannadh tríothu!

Taispeánann treoraí áitiúil duit faoi mar a mhair daoine ann le linn an troda. Taispeántar freisin na modhanna troda agus na gaistí (traps) ar úsáid an Viet Cong i gcoinne a naimhde.

Is eispéireas faoi leith é an turas seo agus foghlaimítear an-chuid faoin gcogadh agus streachailt na ndaoine le linn an ama sin.

 

Sráid Bui Vien

Is sráid choisí an-ghnóthach í seo lonnaithe i lár cathrach. Bíonn an tsráid seo dubh le daoine san oíche agus bíonn ceol agus glór thar a bheith ard ag teacht as na clubanna oíche ar fad ar an sráid. Bíonn ceol na clubanna oíche in iomaíocht lena chéile ar an tsráid agus tá an áit thar a bheith glórmhar dá bhar.

Bíonn daoine ag suí ar an tsráid ar chathaoireacha beaga plaisteacha agus bíonn an-chuid siamsaíocht sráide ann le go leor buscálaithe freisin. Is áit bheomhar agus gnóthach í agus tá saol oíche bhríomhar na cathrach le braith ann.