1) Tá go leor turais shiúlóide ar fáil i gcathair Cartagena – an cuid is mó acu saor in aisce! Is bealach iontach é seo chun an áit a fheiceáil agus tuiscint a fháil ar stair na cathrach.
2) Tá baile Cartagena suite ar an gcósta i dtuaisceart na tíre, agus tá sé timpeallaithe ag an Muir Chairib.
3) Tá 27 oileán Cairib san fharraige in aice le Cartagena.
4) Ba chathair an-saibhir í Cartagena agus bhíodh ionróirí (invaders) agus foghlaithe mara (pirates) i gconaí ag iarraidh airgid agus taisce a ghoideadh ón gcathair.
5) Bhí sean-bhalla tógtha timpeall an bhaile sa 16ú aois chun an áit a chosaint ó ionróirí. Tá an balla fós ann agus is féidir siúl timpeall na cathrach ar bharr an bhalla.
6) Thuirling muintir na Spáinne i gCartagena ar dtús i lár an 16ú haois agus rinne siadsan coilíniú ar an gceantar.
7) Tháinig na Sasanaigh ann san 18ú haois leis an aidhm acu an ruaig a chur ar na Spánaigh agus an chathair a thógáil ar son na Breataine. Bhí cath ann idir na Sasanaigh agus na Spánaigh. Bhí os cionn 27,000 saighdiúirí ag Sasana agus ní raibh ach 4,000 duine ag troid ar son na Spánaigh. Ní raibh muintir na Breataine i dtaithí ar an áit áfach, agus d’éirigh go leor acu tinn mar gheall ar ghalair éagsúla. Theip orthu an chathair a bhaint ó na Spánaigh agus d’fhág siad Cartagena.
8) I 2015, d’aimsíodh long a bhádh san fharraige 300 bliain ó shin. Bhí sean-airgeadra agus taisce ar an long ar b’fhiú níos mó ná $17 billiún é. Ba leis na Spánaigh an long agus tá conspóid ann anois faoin dtaisce idir na Spánaigh agus na Colómaigh mar cheapann siad araon gur leo an t-airgead. Níor tháinig siad ar réiteach don easaontas go fóill!
9) Tarlaíonn an comórtas mór le rá ‘Miss Colombia’ i gCartagena gach bliain. Is féile é seo a mhaireann seachtain iomlán i Mí na Samhna go bliaintiúil. Bíonn siamsaíocht le feiceáil timpeall na háite agus bíonn paráidí agus taispeántais éagsúla ar siúl gach lá. Tá muintir na háite an-tógtha leis an bhféile agus bíonn siad fíor-bhródúil as Miss Colombia nuair a théann sí ar aghaidh chuig an gcraobh domhanda ‘Miss World’.
10) Is áit í Cartagena atá lán le siamsaíocht sráide agus téann taibheoirí (performers) timpeall na sráideanna chun siamsaíocht a chur ar fáil do thurasóirí a bhíonn ag siúl nó ag suí taobh amuigh. Istoíche, bíonn rinceoir nó amhránaí nó tabheoirí tine (fire performers) le feiceáil ar nach mór gach sráid sa seancheantar.
Tá go leor ealaíne sráide le feiceáil timpeall na cathrach chomh maith, agus déanann muintir na háite iarracht an chathair a choimeád lán le dathanna agus ealaín chruthaitheach.