Is cathair í Medellín a bhfuil stair shuimiúil, chasta agus bhrónach aici. Tá clú agus cáil ar an áit mar gheall ar an gcoimhlint a bhí ann idir an rialtas agus an cairtéal drugaí siar sna nóchaidí. Ba é Pablo Escobar a bhí i gceannas ar an gcairtéal a bhí mar chúis leis na mílte daoine a fuair bás le linn na coimhlinte.
Tá Medellín roinnte i 16 comharsanacht atá mar réigiúin éagsúla sa chathair. Tá comharsanacht amháin ann a bhíonn plódaithe anois le turasóirí gach lá; Comuna 13. Tá Comuna 13 lonnaithe ar chnoic i mbruachbhailte Medellín agus tá stair thragóideach ag an bpobal seo. Tá an ceantar seo plódaithe le daoine agus tá na tithe brúite anuas ar a chéile ar thaobh an chnoic. Tá an réigiún seo suite in iarthar na cathrach agus is daoine boichte ón íseal aicme a bhfuil cónaí orthu anseo.
Áit fíor dhainséarach ab ea Comuna 13 sna nóchaidí. Bhí go leor foréigin agus gníomhaíochtaí drugaí ar bun ann. Bhí coimhlint ann i gcónaí idir na dronga (gangs) agus bhíodh dúnmharaithe ag tarlú go seachtainiúil ann.
I 2002, chuaigh fórsaí armtha an rialtais chuig Comuna 13 chun an ruaig a chur ar na dronga drugaí. Troid fhíochmhar a bhí ann agus mhair sé 8 lá. Maraíodh an-chuid saoránaigh soineanta agus páistí óga fiú. D’éirigh leis an arm áfach agus chuir siad an ruaig ar na dronga ar deireadh.
Sa lá atá inniu ann, tá ré nua i bhfeidhm i Comuna 13. Chaith an rialtas an-chuid airgid ar athfhás an Comuna agus tá ardaitheoirí leictreacha tógtha sa Comuna a iompraíonn muintir na háite agus turasóirí ó bhun go barr an chnoic- rud a éascaíonn an dreapadh ard. Tá graifíte agus ealaín sráide le feiceáil ar na ballaí ar fad ann agus insítear scéal an Comuna tríd an ngraifíte seo. Tá na híomhánna ildaite thar a bheith cruthaitheach agus is slí an-éifeachtach í le stair na háite a chur in iúl do chuairteoirí.
Tá béim ann anois ar an ealaín agus ceol, agus feictear grúpaí damhsa éagsúla ag cur taispeántais ar fáil do na turasóirí. In áit dronga drugaí, tá grúpaí rince agus ceoil agus tugann na grúpaí seo deiseanna do dhaoine óga éalú ó shaol na ndrugaí.
Chaitheamar cúpla uair an chloig ag siúl timpeall an cheantair seo. Is féidir treoraí áitiúil a fháil chun siúl leat agus insíonn siad scéalta na háite duit. Ceantar lán le stair chasta agus bhrónach is é Comuna 13, ach tá saol dearfach, cruthaitheach á chaitheamh ag na daoine áitiúla ann anois, agus cuireann siad lán fáilte do thurasóirí dul ann chun foghlaim faoin áit.
Leis an gceol, rince, ealaín agus ballaí ildaite atá le feiceáil ar gach sráid ann, tá sé deacair Comuna 13 a shamhlú mar áit a bhí lán le coimhlint. Áit an-spéisiúil atá inti gan dabht, agus is fiú dul ann má thugann tú cuairt ar Medellín.